Cócaon agus airgead tirim ar luach os cionn €389,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Europort Ros Láir

Ar an Aoine 27/10/2023, mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ó scanóir x-gha soghluaiste na gCoimisinéirí Ioncaim, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 5.5kg de chócaon ar luach measta de €385,000 ag Europort Ros Láir.

Thángthas ar na drugaí aindleathacha nuair a rinneadh stopadh agus cuardach ar aonad lastais a bhí cláraithe sa Pholainn, tar éis dóibh teacht i dtír ar bhád farantóireachta ó Dunkirk na Fraince.

Ghabh an Garda Síochána fear ina chuid 30idí agus tugadh go Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath é.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Ar leithigh, ar an Déardaoin 26/10/2023, thug an Breitheamh Jane Andrews ordú coinneála airgid trí mhí d’oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim ag suí de Chúirt Dúiche Loch Garman.

Tháinig sé sin i ndiaidh urghabháil os cionn €3,760 in airgead tirim agus méid beag airgeadra eachtrach in Europort Ros Láir Dé Céadaoin (25/10/2023). Aimsíodh é nuair a rinne oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim stopadh agus cuardach ar aonad cab a bhí cláraithe sa Bhulgáir ina bhfuarthas 13kg de chócaon freisin. Eisíodh preasráiteas maidir leis an urghabháil seo cheana agus tá sé ar fáil anseo.

Tá an hoibríochtaí seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag an bpobal, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295. 

[CRÍOCH 27/10/2023]