Cannabas luibhe ar luach €660,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Dé Sathairn, 11/11/2023, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis agus le cabhair ó bhrathadóir madra Blue, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 33 kg de channabas luibhe ar luach measta €660,000 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. 

Thángthas ar na drugaí aindleathacha nuair a stop oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim stopadh agus chuardaigh siad bagáiste de chuid paisinéara a tháinig ar eitilt ó Nua Eabhrac, SAM. Ghabh An Garda Síochána fear sna 20idí agus tá sé faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath. Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 11/11/2023]