Breis agus 9.8 milliún toitín gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCo. Lú
Ar an Aoine 10/11/23, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim os cionn 9.8 milliún toitín, tar éis cuardach a dhéanamh ar fheithicil i gCo. Lú. Rinneadh an ghabháil le cabhair ó bhrathadóir madra Toby agus le tacaíocht ó bhaill den Gharda Síochána ó Aonad Bleachtaireachta Dhún Dealgan, ón Aonad Póilíneachta Bóithre agus ón Aonad Tacaíochta Armtha.
Meastar go bhfuil luach os cionn €8.2 milliún ar na toitíní aindleathacha, brandáilte 'Platinum Seven', rud a léiríonn caillteanas poitéinsil de thart ar €6.4 milliún don Státchiste. Ceistíodh fear ina chuid 60idí agus tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar táirgí neamhdhleathacha tobac. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 11/11/2023]