Revenue seize herbal cannabis worth €900,000 at Dublin Port
Inniu (01/12/2023), mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ón brathadóir madra Waffle agus baill den Gharda Síochána, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 45 kg de channabas luibhe ar luach measta €900,000 ag Calafort Bhaile Átha Cliath.
Tháinig na drugaí aindleathacha ó choinsíneacht ón mBeilg agus thángthas orthu i bpailléad ina raibh beartáin laistigh d'aonad cuisneora.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírigh ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[CRÍOCH 01/12/2023]