Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (05/12/2023), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 01 Iúil 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse (30 Meán Fómhair 2023). Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:

  • Ní raibh ach cás amháín den chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meán Fómhair 2023 agus €440,930 méid iomlán an phionóis arna ghearradh ag Cúirt.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta

  • Tá 63 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €181,132.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Ina measc seo, áirítear:

  • 17 gcás inar loiceadh tuairisceán/tuairisceáin Chánach Ioncaim a thíolacadh agus 2 chás inar seachadadh tuairisceán/tuairisceáin CBL míchearta ar gearradh fíneálacha Cúirte arbh fhiú €58,500 san iomlán iad ina leith. Gearradh pianbhreith choimeádta amháin 2 bhliain, a bhfuil 9 mí di ar fionraí.
  • 20 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €69,500 ina leith; Gearradh pianbhreith choimeádta amháin 2 bhliain, a bhfuil 9 mí di ar fionraí.
  • 23 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arbh fhiú €52,500 san iomlán iad, agus gearradh dhá phianbhreith príosúnachta míosa (an dá phianbhreith ar fionraí ar feadh 6 mhí).
  • 1 cás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €632.50 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • Tá 24 cás á fhoilsiú inniu agus is é €9.6 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo; 
    • Bhí 22 cinn díobh sin ná 100,000.                           
    • Bhí 2 cinn díobh sin níos mó ná €1 milliún.
  • Bhain 8 cinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meán Fómhair 2023; 
  • Is í €3,728,322 an tsuim neamhíoctha faoi 30 Meán Fómhair 2023. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán nár íocadh a bhailiú-a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht 

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim.  Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meán Fómhair 2023, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 13,600 d’Idirghabhálacha Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €112.47 milliún orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

CRÍOCH [05/12/2023]