Cannabas luibhe ar luach €280,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Ar an Aoine 15/12/2023, mar thoradh ar phróifíliú riosca, ghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim 14 kgs de cannabas luibhe ar luach measta €280,000 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath Thángthas ar na drugaí aindleathacha nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar bhagáiste de chuid paisinéara a tháinig ar eitilt ó Toronto, Ceanada.

Ghabh An Garda Síochána bean sna 20idí agus tá sí faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.  Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírítear ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 15/12/2023]