Nuashonrú maidir le hurghabháil cócaoin na seachtaine seo i bhFaing, Co. Luimnigh

Tá árthach bulclasta atá cláraithe i Málta faoi réir cuardaigh ag Toifigigh Custam na gCoimisinéirí Ioncaim ó Dé Máirt an 19 Nollaig 2023. Tá thart ar 300kg de chócaon urghabháilte agus bainte den árthach. Choinnigh na Coimisinéirí Ioncaim an t-árthach inniu, faoi alt 33 den Acht Custam 2015.  

Tá imscrúduithe ag leanúint ar aghaidh, i gcomhar leis an nGarda Síochána.  Níl a thuilleadh sonraí ar fáil ag an bpointe seo.

[CRÍOCH 22/12/2023]