Torthaí ceannlíne le haghaidh 2023 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (05/01/2024) d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim réamhthorthaí le haghaidh 2023 ina n-airítear cáin agus dleacht bailithe, seirbhísí curtha ar fáil do chustaiméirí, rátaí comhlíontachta in am agus toradh ar réimse idirghabhálacha comhlíontachta agus forfheidhmithe.

Agus é ag trácht ar na torthaí seo, dúirt An tUasal Niall Cody, Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim é seo a leanas:

“Bhí fáltais cánach thar na bearta ann in 2023, agus bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim €87.2 billiún i gcánacha agus dleachtanna don Státchiste. Ina theannta sin, bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim breis agus €26 billiún thar ceann Ranna, Gníomhaireachtaí agus Bhallstáit AE eile.

Bhí rátaí arda comhlíontachta in am ar fud na gcánacha mar bhonn agus taca do na fáltais as cuimse a bailíodh le haghaidh 2023. Léiríonn sé seo an rannpháirtíocht dearfach ó ghnólachtaí, cáiníocóirí aonair agus gníomhairí lena gcuid oibleagáidí comhlíontachta cánach. Aithnímid agus gabhaimid buíochas leo go léir as a gcomhoibriú a léiríonn an tábhacht a chuireann an tsochaí i gcoitinne ar chultúr láidir comhlíontachta saorálaí agus tráthúil.

Tacaíonn na Coimisinéirí Ioncaim leis an gcultúr seo trí réimse leathan seirbhísí a sholáthar chun é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir do cháiníocóirí an méid ceart cánach a íoc ag an am ceart, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontacht de gach saghas. Tá ár gcur chuige mar bhonn agus taca ionas gur féidir linn na dlíthe cánach agus custam a riaradh go héifeachtach cothrom, íoslaghdaíonn sé costais do cháiníocóirí comhlíontacha, cinntíonn sé cothrom na Féinne do gach gnólacht a éascaíonn trádáil dhlisteanach, agus cosnaíonn sé an tsochaí trí rialú éifeachtach teorann."

Leanaíonn sé de bheith mar phríomh aidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim díriú agus bac a chur ar an scáthgheilleagar agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile, amhail smuigleáil. In 2023, ghabh na Coimisinéirí Ioncaim breis agus 70 milliún toitín le luach níos mó ná €55 milliúin agus 9,085kg de dhrugaí ar luach measta de €302 milliúin.

Ag trácht dó ar na héachtaí suntasacha a baineadh amach trí obair forfheidhmithe na gCoimisinéirí Ioncaim in 2023, dúirt an Coimisinéir Ioncaim agus Ard-Stiúrthóir Custam, Gerry Harrahill:

"Áiríodh leis an leibhéal suntasach urghabhálacha drugaí le linn 2023 oibríocht Chomh-Thascfhórsa ardphróifíle i mí Mheán Fómhair, ina raibh baill de Sheirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, den tSeirbhís Chabhlaigh agus den Garda Síochána páirteach, le cuidiú ó acmhainní an Chabhlaigh agus an Aerchóir agus ón bpearsanra idirghníomhaireachta, lena n-áirítear Sciathán Fiannóglaigh de chuid Arm na hÉireann, agus mar thoradh air sin gabhadh luach os cionn €157 milliún de chócaon a braitheadh ar bord an MV Matthew, i dteannta le roinnt gabhálacha agus cúisimh os comhair na gCúirteanna. I measc na n-urghabhálacha drugaí suntasacha eile le linn 2023, bhí urghabháil ar luach os cionn €11 milliún de chócaon i gCalafort Ros Láir i mí Iúil, agus urghabháil ar luach thart ar €21 milliún de chócaon i gCalafort Fhainge, Luimneach, i mí na Nollag.

Léiríonn na torthaí iontacha a baineadh amach in 2023 an díograis lena dtugann foirne forfheidhmithe na gCoimisinéirí Ioncaim faoin obair chrua os a gcomhair amach, chomh maith leis na caidrimh oibre láidir a chothaítear le comhpháirtithe náisiúnta agus idirnáisiúnta forfheidhmithe dlí. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag gach duine a chuireann le hobair na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le coiriúlacht a aithint agus chun cur isteach ar phríomhshlabhraí soláthair agus iad a dhíchóimeáil.

Is féidir le foirne forfheidhmithe na gCoimisinéirí Ioncaim raon acmhainní a úsáid ina gcuid oibre riachtanach, lena n-áirítear ár scanóirí soghluaiste x-ghathaithe agus foirne madraí brathadóra. Cuirfidh soláthar an Chuitéir Custam nua barr feabhais ar chaighdeán na n-acmhainní atá ar fáil dár bhfoirne.Ina theannta sin, cuireann ár straitéis braite agus idirghabhála rioscabhunaithe, le tacaíocht ó na cumais agus na teicnící anailíseacha fíor-ama is nua-aimseartha, ar ár gcumas na bealaí ina n-úsáidimid ár n-acmhainní a chur in oiriúint mar fhreagairt ar na modhanna smuigleála agus teicnící ceilte atá ag éirí níos cruthaithí agus níos casta, a úsáideann siad siúd a bhfuil baint acu le trádáil earraí agus táirgí aindleathacha.

Déantar obair na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne coireanna drugaí go tiomanta is le hilghnéitheacht, agus coinnítear faoi athbhreithniú leanúnach í lena chinntiú go ndéantar an rannchuidiú féideartha is éifeachtaí chun déileáil le coiriúlacht thromchúiseach, gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus na dúshláin bainteach seo."

Is príomhthosaíocht do na Coimisinéirí Ioncaim é i gcónaí aghaidh a thabhairt a neamhchomhlíontacht cánach agus dleachta de gach cineál agus chun dul i ngleic leo siúd a úsáideann scéimeanna seachanta cánach chun buntáiste éagórach a bhaint amach. Le linn 2023, d'éirigh leis na Coimisinéirí Ioncaim 21 gciontú coiriúla a bhaint amach i leith imghabháil cánach agus calaois tromchúiseach, 63 socrú cánach a fhoilsiú ar Liosta na Mainnitheoirí Cánach agus 85 cás seachanta cánach le toradh de €16.5 milliún. Le linn 2023, chuir muid 291,000 idirghabháil iniúchta agus comhlíontachta i gcrích le toradh de €787 milliún.

Lasmuigh den Scéim Stórasaithe Fiachais, tá iarmhéid €1.4 billiún de chánacha neamhíoctha fós ar fáil lena mbailiú. Ag labhairt di faoin bhfiachas atá ar fáil lena bhailiú agus faoin tábhacht a bhaineann le comhlíontacht in am, dúirt an Coimisinéir Ioncaim, Ruth Kennedy:

"Tréimhse an-chorraitheach agus eisceachtúil a bhí ann le ceithre bliana anuas inar cuireadh ár ngníomhaíocht forfheidhmithe ar fionraí ar feadh tréimhse fada ama. Tá sé seo tar éis tionchar a imirt ar thráthúlacht na híocaíochta agus ar leibhéil an fhiachais. Ag deireadh 2019, b'ionann an fiachas a bhí ar fáil lena bhailiú agus €0.9 billiún i gcomparáid le €1.4 billiún anois. Tá ár gCóras Bainistíochta Fiachais, a d'fhorbraíomar in 2019, dírithe go hiomlán anois ar dhliteanais amuigh.

Sa chás go mbíonn sé dúshlánach do cháiníocóirí a bheith comhlíontach in am, molaimid go láidir dóibh dul i dteagmháil linn a luaithe is a thosaíonn deacrachtaí den sórt sin ag teacht chun cinn, ionas gur féidir teacht ar réiteach sásúil atá comhaontaithe agus a chuireann a gcuid cúinsí airgeadais san áireamh. In éagmais teagmháil fhiúntach thráthúil leis na Coimisinéirí Ioncaim, leanfar ar aghaidh le gníomh cuí bailithe agus forfheidhmithe chun an fiachas a aisghabháil."

Ag breathnú chun cinn ar 2024, tharraing an tUasal Cody aird ar roinnt saincheisteanna sonracha a bhfuil tábhacht ag baint leo:

"Beidh na Coimisinéirí Ioncaim ag obair le gnóthaí agus gníomhairí ar an gcaoi a fheidhmítear na rialacha maidir le cáin chorparáide éifeachtach íosta (Colún a Dó) do thréimhsí cuntasaíochta dar tús an 31 Nollaig 2023 nó dá éis. Eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim treoir mhionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na rialacha seo, agus forbrófar go leanúnach na córais a theastaíonn ionas gur féidir Colún a Dó a riar ar bhonn féinmheasúnaithe. Ina theannta sin, leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de bheith ag cur leis bplé leanúnach leis an ECFE, le Coimisiún an AE agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile.

Cuireadh athruithe ó Bhuiséad 2024 i bhfeidhm freisin, agus is iad na míonna amach romhainn an tréimhse is broidiúla ó thaobh teagmhálacha ó cháiníocóirí ÍMAT."

Ag labhairt di faoi na seirbhísí ar líne atá ar fáil do cháiníocóirí ÍMAT, dúirt an Coimisinéir Kennedy:

“Ó tugadh isteach tuairisciú fíor-ama párolla, tá méadú bliain ar bhliain tagtha ar líon na gcáiníocóirí a bhainistíonn a ngnóthaí féin trínár seirbhís MoChúrsaí. Cheana féin an tseachtain seo, tá díreach faoi bhun 200,000 duine tar éis a dtuairisceán cánach a thíolacadh le haghaidh 2023 chun creidmheasanna ar nós costais sláinte agus creidmheas cánach cíosa a éileamh, chomh maith le tuairisceáin cánach ioncaim bhreise neamh-ÍMAT a chur isteach. Is méadú suntasach é seo i gcomparáid leis an líon daoine a thíolaic a dTuairisceán Cánach Ioncaim do 2022 an tráth seo anuraidh. Chomh maith leis sin, tá daoine aonair in ann aon cheartúcháin nó breisithe atá de dhíth a dhéanamh ar a dtaifead féin leis na Coimisinéirí Ioncaim trí MoChúrsaí - tá sé tapa, tá sé éasca agus tá sé saor in aisce."

Chuir an Scéim Stórasaithe Fiachais tacaíocht ríthábhachtach leachtachta ar fáil do ghnólachtaí ó thús phaindéim COVID-19, agus anois tá go dtí an 1 Bealtaine 2024 ag gnólachtaí chun socruithe a dhéanamh chun a bhfiachas stórasaithe a aisíoc. Ag labhairt di faoin ngníomh atá ag teastáil anois ó ghnóthaí a bhain leas as an scéim, dúirt an Coimisinéir Kennedy:

"Ba chóir do ghnóthaí a bhfuil fiachas acu sa scéim stórasaithe tosú ag déanamh pleananna réadúla chun déileáil leis an bhfiachas seo bunaithe ar a gcúinsí aonair. Táimid réidh le bheith ag obair le gnóthaí ionas gur féidir leo inmharthanacht a ngnó a chinntiú amach anseo agus riachtanais na scéime stórasaithe fiachais a chomhlíonadh, lena n-áirítear an ceanglas go dtíolactar agus go n-íoctar dliteanais reatha in am

Mar fhocal scoir dúirt an tUasal Cody:

“In 2023, rinneadh comóradh céad bliain na gCoimisinéirí Ioncaim agus an tiomantas agus díograis a léirítear chun freastal ar Éirinn, trí rialuithe éifeachtacha cánach agus custam a chur i bhfeidhm agus a riaradh thar ceann an Stáit.

Bliain eile d'fheidhmíocht den chéad scoth a bhí in 2023 freisin. Ní bheadh sé seo indéanta gan gairmiúlacht agus tiomantas ár bhfoireann, agus ba mhaith leis na Coimisinéirí Harrahill agus Kennedy, agus liom féin buíochas a ghabháil le foireann uile na gCoimisinéirí Ioncaim as a ndíograis agus an tseirbhís a thugann siad. Cuireann sé ardán den scoth ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn le haghaidh 2024."

[CRÍOCH 05/01/2024]

Príomhthorthaí 2023                                                     

Príomhthorthaí 2023 - grafaic faisnéise                         

Príomhthorthaí 2023 - bailiú fiachais agus bainistiú fiachais