Cannabas luibhe ar luach €380,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag aerfort Bhaile Átha Cliath agus aerfort na Sionainne

Ar an Máirt, 16/01/2024, mar thoradh ar phróifíliú riosca, ghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim 16.6 kgs de cannabas luibhe ar luach measta €330,000 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Thángthas ar na drugaí aindleathacha nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar bhagáiste de chuid paisinéara a thaistil ón Spáinn. Ghabh an Garda Síochána bean ina cuid 20idí agus tá sí tagtha os comhair na gcúirteanna ó shin.

Ar leithligh, ar Dé Máirt, agus freisin mar thoradh ar phróifíliú riosca, ghabh Oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim 2.5kg de cannabas luibhe ag Aerfort na Sionainne. Aimsíodh na drugaí neamhdhleathacha, ar luach measta de €50,000, i dhá bheartán ar leith a tháinig ó na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoladh i dTiobraid Árann. Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis an dá urghabháil.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295. 

[CRÍOCH 19/01/2024]