Seolann na Coimisinéirí Ioncaim feachtas eolais do Cháiníocóirí ÍMAT

Inniu (23/01/2024), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim réimse staitisticí maidir le ÍMAT do 2023. Léiríonn na staitisticí seo gur próiseáladh os cionn 472,000 Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT le haghaidh 2023, méadú beagnach 30% ar an tréimhse chéanna anuraidh.

Bhí ró-íocaíocht cánach mar thoradh ar thart ar 275,000 de na tuairisceáin a tíolacadh go dtí seo. I measc na bpríomhchreidmheasanna cánach agus na bpríomhfhaoisimh a éilíonn cáiníocóirí ÍMAT tá an creidmheas cánach cíosa agus an faoiseamh i leith costais sláinte. Beidh an áis chun creidmheas cánach i leith ús mhorgáiste 2023 a éileamh ar fáil do cháiníocóirí ÍMAT ón tseachtain seo chugainn.

Sheol na Coimisinéirí Ioncaim, i gcomhar leis an Aire Airgeadais, Michael McGrath T.D., feachtas eolais poiblí inniu chun feasacht a ardú i measc cáiníocóirí ÍMAT faoin raon creidmheasanna cánach agus faoisimh atá ar fáil, agus conas ar féidir leo na creidmheasanna agus na faoisimh sin a éileamh. Cuireann an feachtas i gcuimhne do cháiníocóirí ÍMAT freisin go gcaithfidh siad na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi aon ioncam breise a tuilleadh lasmuigh den chóras ÍMAT.

Agus é ag cur fáilte roimh sheoladh an fheachtais eolais seo, dúirt an tAire McGrath:

"Ón 1 Eanáir 2024, tá €203 milliún aisíoctha cheana féin le cuntais bhainc daoine aonair mar thoradh ar thuairisceáin 2023 a thíolaic cáiníocóirí ÍMAT go dtí seo, ach léiríonn taifid na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh sé go raibh €480 milliún eile ró-íoctha i rith na bliana.

Dá bhrí sin, molaim do gach cáiníocóir ÍMAT logáil isteach ar sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim chun a seasamh cánach a thabhairt chun críche a luaithe is féidir leo, lena chinntiú go bhfuil gach creidmheas cánach agus faoiseamh atá siad i dteideal a éileamh agus aon aisíocaíocht atá dlite dóibh a fháil."

Ag labhairt di faoi na céimeanna ar chóir do cháiníocóirí ÍMAT a ghlacadh chun a seasamh cánach a thabhairt chun críche, dúirt Aisling Ní Mhaoileoin, Bainisteoir Náisiúnta ÍMAT na gCoimisinéirí Ioncaim:

"Is é an chéad chéim sa phróiseas seo ná go ndéanfaidh cáiníocóirí athbhreithniú ar a Réamhráiteas Deireadh Bliana (RRDB), atá ar fáil go héasca in moChúrsaí. Leagtar amach sa ráiteas seo an seasamh sealadach chánach don bhliain, bunaithe ar eolas atá ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim. Féadfaidh cáiníocóirí ÍMAT ansin Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh chun aon chreidmheasanna nó faoisimh bhreise a bhfuil siad ina dteideal a éileamh, agus aon aisíocaíocht atá dlite dóibh a fháil.

Bainimid úsáid as an bhfaisnéis go léir atá ar fáil dúinn chun tuairisceáin a réamhlíonadh agus dá bhrí sin, i gcás fhormhór na gcáiníocóirí ÍMAT, tá sé éasca tuairisceán a thíolacadh agus is féidir le cáiníocóirí ÍMAT an próiseas a chomhlánú iad féin trí sheirbhís moChúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim – tá sé tapa, tá sé éasca agus tá sé saor in aisce. Féadfaidh cáiníocóirí an tseirbhís seo a úsáid freisin chun aon ioncam breise a thuill siad lasmuigh den chóras ÍMAT a dhearbhú nó chun athruithe eile a dhéanamh ar an bhfaisnéis ar a dtaifead leis Coimisinéirí Ioncaim. Má tá airgead dlite ag na Coimisinéirí Ioncaim duit, gheobhaidh tú aisíocaíocht isteach i do chuntas bainc laistigh de chúpla lá. Má tá airgead dlite agat do na Coimisinéirí Ioncaim, oibreoimid leat chun rogha íocaíochta oiriúnach a fháil.”

Tá treoir mhionsonraithe, lena n-áirítear físeáin céim ar chéim, maidir le conas athbhreithniú a dhéanamh ar RRDB agus conas Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh trí moChúrsaí ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim, atá ar fáil anseo. Tá eolas mionsonraithe ar an réimse leathan creidmheasanna cánach agus faoisimh, chomh maith leis na critéir cháilitheachta, ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tuairisceáin Chánach Ioncaim ÍMAT - Réamhstaitisticí

[CRÍOCH 23/01/2024]