Cannabas luibhe ar luach €1.1 milliún gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i Luimneach

Inné (01/02/2024), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 55kg de channabas luibhe ar luach measta de €1.1 milliún i gceantar Luimnigh.

Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht ina raibh Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus an tAonad Drugaí de Réigiún Chiarraí rannpháirteachas.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 40idí agus tá sé faoi choimeád ag Stáisiún Gardaí i gContae Chiarraí faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 02/02/2024]