Deimhníonn na Coimisinéirí Ioncaim cur i bhfeidhm ráta úis 0% do dhliteanais laistigh den Scéim Stórasaithe Fiachais

Inné (05/02/2024), d'fhógair an tAire Airgeadais, Michael McGrath T.D., go laghdófar an ráta úis a bhaineann le fiachas stórasaithe go dtí 0% agus go dtabharfar isteach an reachtaíocht riachtanach, chun an laghdú a chur i bhfeidhm, ag an gcéad deis eile atá ar fáil. Dheimhnigh nana Coimisinéirí Ioncaim go bhfeidhmeoidh siad an ráta laghdaithe úis ar bhonn riaracháin go dtí go n-athróidh an reachtaíocht. Dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim freisin, sa chás go bhfuil fiachas stórasaithe íoctha cheana féin ag gnó a bhí faoi réir úis ag 3%, go bhfaighidh siad aisíocaíocht ar an ús sin.

Bhí thart ar 58,000 custaiméir aonair ag baint leas as an Scéim Stórasaithe Fiachais (SSF) amhail an 26 Eanáir 2024, agus bhí iarmhéid de €1.72 billiún amuigh. Tá fiachas stórasaithe níos lú ná €5,000 ag beagnach 70% de na custaiméirí sin.

Tá go dtí an 01 Bealtaine 2024 ag gnóthaí a bhaineann leas as an SFS a bhfiachas stórasaithe a íoc ina iomláine, más féidir leo, nó dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun aghaidh a thabhairt ar an bhfiachas, lena n-áirítear socruithe maidir le Socrú Tráthíocaíochtaí (PPA). Ag labhairt dó faoi chur chuige na gCoimisinéirí Ioncaim i leith fiachas stórasaithe a íoc, dúirt Ard-Bhailitheoir na gCoimisinéirí Ioncaim, Joe Howley:

"Tá cuntas teiste cruthaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le socruithe íocaíochta solúbtha a aontú go rathúil agus tá os cionn 2,100 gnó tar éis socruithe íocaíochta a iontráil roimhe seo le haghaidh comhiomlán de €158 milliún d'fhiachas stórasaithe.

Beart gan fasach ab ea an Scéim Stórasaithe Fiachais a tugadh isteach i dtréimhse eisceachtúil chun deis a thabhairt do ghnóthaí inmharthana teacht slán ó éigeandáil. Ní raibh fiachas bailithe leis na Coimisinéirí Ioncaim riamh ag go leor de na gnóthaí a bhí i gceist. Táimid tiomanta go daingean do thacaíocht a thabhairt do ghnóthaí inmharthana a bhfuil fiachas stórasaithe acu.  

Cuirfimid gach solúbthacht is féidir ar fáil do ghnóthaí, ag féachaint ar chúinsí gach gnó aonair, maidir le híocaíocht a bhfiachas stórasaithe a bhainistiú, lena n-áirítear leibhéal na híosíocaíochta, más ann dó, chun tús a chur leis an socrú íocaíochta, tréimhse íocaíochta sínte, agus infhaighteacht sosanna íocaíochta agus iarchur íocaíochta má thagann deacrachtaí sreafa airgid sealadacha chun cinn le linn théarma an tsocraithe.

Is iad na coinníollacha riachtanacha le haghaidh ratha ná go gcoinnítear tuairisceáin agus íocaíochtaí reatha cothrom le dáta agus go dtéann siad i dteagmháil linn faoina bpleananna chun déileáil leis an bhfiachas stórasaithe."

Tá sé fós ina phríomhchoinníoll den SSF go leanann gnóthaí ar aghaidh ag tíolacadh a dtuairisceáin chánach reatha agus ag íoc dliteanas reatha de réir mar a éiríonn siad de bheith dlite. Trí fhanacht sa stóras, bainfidh gnóthaí buntáiste as an ráta úis 0% agus na roghanna íocaíochta solúbtha atá ar fáil maidir le fiachas stórasaithe. Is é an iarmhairt a bhaineann le nuair nach gcomhlíonann tú na coinníollacha seo ná go gcúlghairtear an áis stórasaithe, a bhfuil sé de thoradh air go mbeidh an ráta caighdeánach úis 10% curtha i bhfeidhm, siardhátaithe go dtí an tráth a tháinig an fiachas chun cinn, agus go mbeidh forfheidhmiú láithreach ar gach fiachas amuigh, lena n-áirítear ús.

Ag críochnú a chomhairle do ghnóthaí a bhaineann leas as an SSF, dúirt an tUasal Howley:

"Is mian linn go dtiocfaidh gnóthaí inmharthana slán agus go mbeidh rath orthu. Ba é cuspóir na dtacaíochtaí, amhail na Scéimeanna Fóirdheontais Pá agus an Scéim Stórasaithe Fiachais, ná gnóthaí inmharthana a chothabháil agus fostaíocht a thacú. Tá rath na dtacaíochtaí sin soiléir. Aithnímid go raibh formhór na ngnóthaí comhlíontach in am leis an tréimhse agus gur íoc go leor acu cuid dá bhfiachas stórasaithe nó iad go léir. Táimid diongbháilte go leanfaimid orainn ag tacú le gnó inmharthana agus muid ag obair tríd an bhfiachas stórasaithe.

 Dá bhrí sin, molaim do ghnóthaí aonair a bheith réidh anois agus dul i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun aghaidh a thabhairt ar a bhfiachas stórasaithe, ag féachaint dá gcúinsí aonair. Táimid réidh le bheith ag obair le gnóthaí ionas gur féidir leo inmharthanacht a ngnó a chinntiú amach anseo, agus ag an am céanna a chinntiú go ndéantar a ndliteanais chánach reatha a thíolacadh agus a íoc in am."

Tabharfar treoir na gCoimisinéirí Ioncaim cothrom le dáta go luath chun an t-athrú a fógraíodh inniu a léiriú. Idir an dá linn, tá leabhrán eolais ina leagtar amach roghanna íocaíochta féideartha d’fhiachas stórasaithe ar fáil anseo

[CRÍOCH 05/02/2024]