Contrabhanna gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath ar luach beagnach €675,000

Ar an Luan (12/02/2024), mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cúnamh ó mhadraí bhrathadóra Guss agus Milo, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a scrúdaigh beartáin ag áitreabh i mBaile Átha Cliath 24kg de channabas luibhe agus 10kg de roisín cannabais, ar luach measta comhcheangailte de €540,000.

Tháinig na drugaí ón Spáinn agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoltaí i mBaile Átha Cliath agus Muineachán.

I gcás eile, ar an Mháirt (13/02/2024), mar thoradh ar oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim breis agus 159,000 toitín ag áitreabh i mBaile Átha Cliath.

Tá luach measta miondíola níos mó ná €133,500 ar na toitíní aindleathacha, brandáilte ‘Dunhill’, agus is ionann é agus caillteanas féideartha de thuairim is €105,000 don Státchiste.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo thuasluaite.

Tá an hoibríochtaí seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag an bpobal, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 15/02/2024]