Revenue seize over 14 million cigarettes in Dublin

Inné, 19/02/2024, le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 14.6 milliún toitín i mBaile Átha Cliath.

Tá luach míondíola €12 milliún ar na toitíní aindleathacha de bhrandaí éagsúla lena n-áirítear 'Richmond' agus 'Marlboro', arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de thart ar €9.6 milliún don Státchiste.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar táirgí neamhdhleathacha tobac. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 20/02/2024]