Alcól agus airgead tirim ar luach os cionn €110,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Europort Ros Láir

Inné (28/02/2024), thug an Breitheamh John Cheatle dhá ordú coinneála airgid trí mhí d’oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim i gCúirt Dúiche Guaire. 

Tháinig sé sin i ndiaidh dhá urghabháil de €10,210 in airgead tirim agus méid beag airgeadra eachtrach in Europort Ros Láir. Rinneadh an fhionnachtain mar thoradh ar phróifíliú riosca nuair a chuardaigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim veain a bhí le dul ar bord an bháid farantóireachta go Cherbourg na Fraince.

Ceistíodh beirt fhear sna 20idí maidir leis na hurghabhálacha seo.

Ar leithligh, ar an Luan (26/02/2024), mar thoradh ar phróifíliú riosca, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim os cionn 25,000 lítear beorach ag Europort Ros Láir.

Tá luach míondíola os cionn €100,000 ar an alcól aindleathach, brandáilte 'Stella Artois', 'Carlsberg', 'Perla', 'Kestrel', 'Kronenbourg' agus 'OJ Strong', arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de thart ar €47,000 don Státchiste.

Bhí an choinsíneacht i leantóir tionlactha tar éis teacht i dtír ar bhád farantóireachta ó Dunkirk na Fraince. Ceistíodh tiománaí an ualaigh agus tá imscrúdaithe fós ar siúl.

Tá an hoibríochtaí seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 29/02/2024]