Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (12/03/2024), d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 31 Nollaig 2023. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

 Cuid 1: Cinntí cúirte

Cinneadh cúirte ar phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 é iomlán na cánach) agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:

  • Bhí 3 chás den chineál seo sa tréimhse 3 mhí go dtí 31 Nollaig 2023 agus €198,911 méid iomlán an phionóis arna ghearradh ag an gCúirt. 

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta

  • 108  cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €238,082.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Áirítear ina measc siúd:

  • 35 cás inar loiceadh tuairisceán/tuairisceáin Chánach Ioncaim a thíolacadh, 1 chás inar loiceadh tuairisceáin Chánach Corparáide a thíolacadh, 2 chás inar loiceadh tuairisceán/tuairisceáin CBL a thíolacadh agus 1 chás inar loiceadh CBL a íoc, ar gearradh fíneálacha Cúirte arbh fhiú €82,700 san iomlán iad ina leith. Gearradh pianbhreith 240 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad 12 mhí príosúnachta, in dhá cheann de na trí chion CBL.
  • 23 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €60,500 ina leith;
  • 41 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arbh fhiú €84,500 iad san iomlán, agus gearradh naoi bpianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leanas:
    • príosúnacht 1 bhliain (ar fionraí go hiomlán),
    • príosúnacht 7 mí  (ar fionraí ar feadh 18 mí),
    • príosúnacht 4 mí  (ar fionraí ar feadh 24 mí),
    • Dhá phianbhreith príosúnachta 2 mhí (ar fionraí ar feadh 12 mhí),
    • Dhá phianbhreith 240 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 12 mhí,
    • agus
    • Gearradh dhá phianbhreith 40 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 2 sheachtain.
  • 1 cás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú agus gearradh fíneál Cúirte dar suim €632.50 ina leith.
  • 3 chás maidir le halcól nár gearradh cáin air a bhí ar díol, agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €8,500, agus ordú dúnta 2 lá, ina leith.
  • 1 chás maidir le dul i mbun gnó gan slándáil, agus gearradh fíneál Cúirte dar suim €1,250 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 16 cás á fhoilsiú inniu agus is é €5.01 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo; 
    •  Bhí 16 cinn díobh sin níos mó ná €100,000.                                                                                          
      • Bhí 4 cinn díobh sin níos mó ná €500,000
  • Bhain 5 cinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Nollaig 2023; 
  • Is í €1,131,411 an tsuim neamhíoctha faoi 31 Nollaig 2023. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán nár íocadh a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht 

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim.  Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Nollaig 2023, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 14,039 d’Idirghabhálacha Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €255.48 milliún orthu.

Liosta na mainnitheoirí cánach

[CRÍOCH 12/03/2024]