Tuarascáil Bhliantúil 2023 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu, (25/04/2024), d'fhógair na Coimisinéirí Ioncaim fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2023, mar aon le roinnt páipéar taighde agus staitistiúla eile.

Léirítear sa tuarascáil bliain d'fheidhmíocht eisceachtúil do na Coimisinéirí Ioncaim, agus bailíodh €127.9 billiún i bhfáltais chomhlána, lena n-áirítear €26.3 billiún i bhfáltais neamh-Státchiste a bailíodh thar ceann Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais eile. Is ionann glanfháltais an Státchiste do 2018, tar éis aisíocaíochtaí agus aistrithe fáltais neamh-Státchiste thar ceann Ranna agus gníomhaireachtaí eile, agus €87.2 billiún. In 2023 freisin, leanadh le rátaí arda comhlíontachta saorálaí, ag os cionn 99% do chásanna móra agus 98% do chásanna meánmhéide. B'ionann na rátaí comhlíontachta in am do gach cás eile in 2023 agus 91%, méadú ó 88% in 2022.

Ag trácht ar fhoilseacháin an lae inniu, dúirt Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim, Niall Cody:

"Deimhníonn na leibhéil láidre de rátaí comhlíontachta saorálaí agus in am go n-íocann formhór na gcáiníocóirí an méid ceart cánach ag an am ceart. I bhfianaise an chur isteach eisceachtúil a d'fhulaing cáiníocóirí, gnóthaí agus gníomhairí aonair le ceithre bliana anuas, is léiriú thar a bheith dearfach é seo ar a rannpháirtíocht leanúnach lena n-oibleagáidí comhlíontachta cánach, agus ar an tábhacht a chuireann an tsochaí go ginearálta ar chultúr láidir de chomhlíontacht cánach shaorálaigh agus in am.

Aithníonn muid agus gabhann muid buíochas leis na cáiníocóirí go léir agus lena n-ionadaithe as a rannpháirtíocht agus a gcomhoibriú leanúnach."

Cánacha a Bhailiú agus Riosca Bailiúcháin a Bhainistiú

Cuireann ár gcur chuige saincheaptha maidir le fiachais a bhailiú ar ár gcumas a bheith aclaí inár bhfreagairt ar an timpeallacht eacnamaíoch atá ag athrú agus ag an am céanna ár n-acmhainní a mheaitseáil chun dul i ngleic le riosca bailiúcháin cánach. Ag trácht dó ar ár bpróiseas bainistíochta fiachais, dúirt Ard-Bhailitheoir na gCoimisinéirí Ioncaim, Joe Howley:

"Bhí tionchar ag tráthúlacht na híocaíochta ar an ngníomh a rinneamar chun gníomhaíocht forfheidhmithe fiachais a chur ar fionraí i bhfianaise na gcúinsí a tháinig chun cinn le blianta beaga anuas, agus bhí méadú €1.4 billiún tagtha ar fhiachas neamhstórasaithe a bhí ar fáil lena bhailiú ag deireadh 2023.

Tá ár gcóras Seirbhíse Bainistíochta Fiachais imscartha go hiomlán anois chun déileáil leis na dliteanais seo, ach is é ár rogha láidir i gcónaí oibriú le cáiníocóirí chun réiteach atá inghlactha go frithpháirteach a chomhaontú ar dheacrachtaí sealadacha sreafa airgid, seachas tús a chur le gníomh bailithe agus forfheidhmithe. Mar sin, is í an chomhairle atá againn i gcónaí, ná gur chóir do cháiníocóirí dul i dteagmháil linn chomh luath agus a thagann deacrachtaí den chineál sin chun cinn nuair a bhíonn deacrachtaí acu a gcánacha reatha a íoc."

Comhlíontacht Shaorálach agus Trádáil Dhlisteanach a Éascú

Cuireann muid réimse seirbhísí ar fáil a fhágann go bhfuil sé chomh héasca agus is féidir do cháiníocóirí a n-oibleagáidí cánach a chomhlíonadh agus leanann muid ar aghaidh ag cur lenár dtairiscintí seirbhíse digití mar fhreagra ar ionchais mhéadaitheacha go mbeidh seirbhísí ar fáil trí bhealaí éagsúla agus ag amanna a oireann do cháiníocóirí agus do ghníomhairí.

Ag labhairt di faoin aidhm atá againn tacú le cáiníocóirí agus gníomhairí féinseirbhís a dhéanamh a mhéid agus is féidir, dúirt an Coimisinéir Ioncaim, Ruth Kennedy, an méid seo a leanas:

"Tháinig méadú breise in 2023 ar líon na gcáiníocóirí ÍMAT a bhainistíonn a gcúrsaí cánach féin trínár seirbhís moChúrsaí 24/7, agus phróiseáil muid 1.4 milliún Tuairisceán CI ÍMAT 2022 i rith na bliana. Mar sin féin, tá muid tiomanta i gcónaí do bhealaí seirbhíse malartacha a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil in ann rochtain a fháil ar ár dtairiscintí ar líne. Dá bhrí sin, fáiltíonn muid roimh an gcinneadh ónár Suirbhé Custaiméirí ÍMAT 2023 go bhfuil os cionn 70% d'fhreagróirí sásta nó an-sásta leis na seirbhísí a chuireann muid ar fáil.

Céim eile a ghlacamar le linn 2023 chun ár n-aidhm cánacha agus dleachtanna a nuachóiriú a chur chun cinn ná comhairliúchán a sheoladh chun Córas CBL na hÉireann a nuachóiriú. Fuaireamar os cionn 1,100 tíolacadh ó gheallsealbhóirí le linn an chéad chéim den chomhairliúchán seo agus foilseoidh muid ár bhfoghlaim ina leith seo in am trátha."

Agus rialuithe custaim á gcur i bhfeidhm againn, tá sé mar aidhm againn trádáil dhlisteanach a éascú chun gluaiseacht chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir. Is iad seo a leanas príomhtháscairí ár ratha ina leith sin:

  • 54.2 milliún dearbhú custam próiseáilte, méadú 11.3 milliún (26%) ó 2022 (Tábla 2022)
  • tugadh an bealach glas do 400,423 gluaiseacht feithiclí lastais isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór
  • agus
  • seoladh Córas Easpórtála Uathoibríoch nua, rud a dhéanann próisis dhoiciméadacha a shimpliú do thrádálaithe.

Aghaidh a Thabhairt ar Neamhchomhlíontacht

Glacann muid cur chuige fíor-ama, bunaithe ar shonraí chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontacht, rud a chuireann ar ár gcumas tús áite a thabhairt dár n-acmhainní ar cháiníocóirí neamhchomhlíontacha agus cothrom na Féinne a chinntiú do gach gnó, agus an t-ualach riaracháin agus na costais riaracháin do cháiníocóirí comhlíontacha a laghdú ag an am céanna.

Díríonn ár gcláir chomhlíontachta bhliantúla ar réimsí riosca éagsúla, agus baineann muid lánúsáid as na cumhachtaí reachtúla agus as malartú forálacha faisnéise atá ar fáil dúinn chun ár sealúchais sonraí a fheabhsú. Tugann muid aghaidh go tréan ar chásanna a thaispeánann táscairí neamhchomhlíontachta nó pleanála ionsaitheach cánach agus le linn 2023 chuireamar os cionn 291,000 idirghabháil chomhlíontachta i gcrích le toradh €787 milliún agus 85 cás seachanta cánach le toradh €16.5 milliún.

Agus é ag trácht dó ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí in Na Coimisinéirí Ioncaim v. Karshan (Lár na Tíre) Teo. t/a Domino's Pizza, dúirt Niall Cody:

"D'fháiltigh muid roimh an mbreithiúnas tábhachtach a thug an Chúirt Uachtarach sa chás seo. Cé nár athraigh an breithiúnas an dlí maidir le rangú fostaíochta, thug sé soiléireacht shuntasach ar na príomhthosca a bhí le breithniú agus stádas fostaíochta duine aonair á rangú chun críocha cánach ioncaim.

Táimid ag obair leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre chun an Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a Chinneadh a nuashonrú, agus ar leithligh ar fhorbairt ár dtreoirlínte féin ar thionchar an bhreithiúnais agus leanfaidh rangú an stádais fostaíochta de bheith ina réimse fócais dár ngníomhaíocht chomhlíontachta amach anseo."

Drugaí, Tobac, Smuigleáil

Is príomhthosaíocht dúinn gníomhaíocht neamhdhleathach agus coireacht eagraithe a aithint, díriú uirthi agus cur isteach uirthi, agus bhain ár bhfoirne forfheidhmithe torthaí eisceachtúla amach le linn 2023, lena n-áirítear 9,217 urghabháil drugaí, ar luach €302 milliún, agus 6,837 urghabháil táirgí tobac, ar luach €63.4 milliún.

Ag labhairt dó faoinár rialuithe teorann an-éifeachtach, dúirt an Coimisinéir Ioncaim agus Ard-Stiúrthóir Custam, Gerry Harrahill:

"Tá ár gcuid oibre i gcoinne coireanna drugaí fairsing agus ilghnéitheach, agus áirítear i leibhéal na n-urghabhálacha drugaí is mó riamh le linn na bliana oibríocht Tascfhórsa Comhpháirteach ar bord an bulciompróra MV Matthew i Meán Fómhair 2023. Tugadh faoin oibríocht seo i gcomhar lenár gcomhpháirtithe forfheidhmithe dlí agus le tacaíocht ó shócmhainní agus pearsanra idirghníomhaireachta an Chabhlaigh agus an Aerchóir agus mar thoradh air sin rinneadh an urghabháil drugaí is mó i stair an Stáit.

Le linn na hoibríochta seo, tugadh údarás do chomhaltaí Sciathán Fiannóglaigh an Airm d'Óglaigh na hÉireann, den chéad uair, gníomhú mar Oifigigh Chustam chun dul ar bord árthaigh ar muir. Dá bhrí sin, is sárshampla í an oibríocht seo den chomhoibriú rathúil idir na Coimisinéirí Ioncaim agus ár gcomhpháirtithe forfheidhmithe, agus oibríonn na gníomhaireachtaí go léir le chéile chun faisnéis a roinnt agus chun a gcumas agus a riar scileanna faoi seach a chomhordú agus a úsáid go hiomlán.

Cuireann ár straitéis braite agus idirghabhála rioscabhunaithe, le tacaíocht ó na cumais agus na teicnící anailíseacha fíor-ama is nua-aimseartha, ar ár gcumas na bealaí ina n-úsáidimid ár n-acmhainní a chur in oiriúint mar fhreagairt ar na modhanna smuigleála agus teicnící ceilte atá ag éirí níos cruthaithí agus níos casta, a úsáideann siad siúd a bhfuil baint acu le trádáil earraí agus táirgí aindleathacha.”

Tacú le hAthchóiriú Cánach agus Custam

Le linn 2023, d'oibríomar leis an Roinn Airgeadais ar fhorbairtí beartais cánach agus custam náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, agus rinneamar ionadaíocht ar leasanna na hÉireann ag fóraim idirnáisiúnta. Leagtar béim thíos ar chuid de na forbairtí a bhí le feiceáil go follasach inár gclár oibre le linn 2023:

  • togra cuimsitheach a chur chun cinn chun Aontas Custaim an AE a athchóiriú, agus béim ar leith á leagan ar rioscaí a bhaineann le ríomhThráchtáil
  • plé ar nuachóiriú an bhonneagair chustaim agus ar dhul chun cinn tionscnamh custaim ghlais
  • caibidlíochtaí maidir le cur chun feidhme an réitigh Dhá Cholún
  • agus
  • anailís ar thograí a bhaineann le cánachas idirnáisiúnta ar chuideachtaí agus obair leanúnach chun borradh a chur faoin infheistíocht trasteorann, lena n-áirítear tograí maidir le CBL sa Ré Dhigiteach.

Ag féachaint chun cinn

Ag féachaint i dtreo an todhchaí, dúirt an tUasal Niall Cody:

"Táimid tiomanta i gcónaí do thacaíocht a thabhairt do cháiníocóirí leibhéil arda comhlíontachta saorálaí a choinneáil agus a ndliteanais chánach reatha a íoc de réir mar a thagann siad de bheith dlite. Leanfaimid orainn ag cur tairiscintí digiteacha ar ardchaighdeán ar fáil, rud a chuirfidh ar chumas cáiníocóirí teagmháil a dhéanamh linn ag am agus in áit a roghnaíonn siad, agus ag an am céanna ag tacú leo siúd nach féidir leo ár seirbhísí ar líne a úsáid.

Beidh aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontacht de gach cineál agus díriú ar smuigleáil agus ar ghníomhaíocht neamhdhleathach fós ina bpríomhthosaíochtaí dúinn agus leanfaimid orainn ár sealúchais fhairsinge sonraí agus faisnéise a threisiú chun dul i ngleic leis an an méid seo. Neartóidh sé seo ár dtuiscint ar iompar comhlíontachta, go háirithe i measc gnóthaí airgid agus an scáthgheilleagair, agus cuideoidh sé linn croíshlabhraí soláthair a úsáidtear sa trádáil neamhdhlisteanach a aithint agus a dhíchóimeáil.

Beidh muid ag foilsiú ár dtreoir maidir le tionchar Bhreithiúnas Karshan sna seachtainí amach romhainn agus beidh níos mó béime ar chomhlíontacht sa réimse seo. Molann muid do ghnóthaí a fhostaíonn oibrithe ar bhonn féinfhostaithe, agus a ngníomhairí, chun athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe atá i bhfeidhm acu agus oibreoimid leis na gnóthaí sin ar mian leo, ag féachaint do thionchar an bhreithiúnais, a seasamh a thabhairt chun rialtachta go saorálach.”

Príomhthosaíocht eile a bheidh againn le linn 2024 ná leanúint ar aghaidh ag obair le gnóthaí inmharthana agus iad ag fágáil na Scéime Stórasaithe Fiachais. Agus é ag cur síos ar ár bpríomhtheachtaireacht do na gnóthaí sin atá fágtha sa stóras, dúirt Joe Howley:

"Rinneamar cumarsáid fhorleathan le gnóthaí agus lena n-ionadaithe le linn ré na scéime chun a chinntiú go raibh siad ar an eolas faoin ngníomh a bhí ag teastáil roimh an spriocdháta lárnach an 1 Bealtaine 2024, agus faoin raon solúbthachtaí atá ar fáil do ghnóthaí inmharthana a dteastaíonn socraíocht íocaíochta saincheaptha uathu.

B'ionann an t-iarmhéid sa stóras ar an 23 Aibreán 2024 agus €1.58 billiún, agus bhí 53,172 custaiméir ag íoc as sin. Tá thart ar 70% (37,200) de chustaiméirí a bhfuil fiachas acu sa stóras de níos lú ná €5,000, agus tá an chuid is mó den fhiachas (€1.35 billiún) á stórasú ag thart ar 9% de chustaiméirí (4,800) le hiarmhéideanna amuigh de níos mó ná €50,000. Tá iarratais ar Shocraíocht Tráthíocaíochtaí á tíolacadh ar bhonn leanúnach agus tá thart ar 2,800 aontaithe ón 31 Márta.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil gá do ghnóthaí a bhfiachas stórasaithe ar fad a íoc faoin 1 Bealtaine 2024. Mar sin féin, sa chás go dteipeann ar ghnó dul i dteagmháil linn go fóinteach chun plean a aontú chun an fiachas a íoc faoin dáta seo, beidh an t-iarmhéid amuigh faoi réir imeachtaí caighdeánacha bailithe fiachais láithreach agus ní bhainfidh sé leas a thuilleadh as an ráta úis 0% is infheidhme maidir le fiachas stórasaithe. Is í an teachtaireacht ríthábhachtach, mar sin, d'aon ghnó nach ndeachaigh i dteagmháil linn go fóill maidir lena bhfiachas stórasaithe, ná gníomhú anois agus dul i dteagmháil linn láithreach chun plean íocaíochta a chur le chéile."

Leanfaimid orainn ag obair le Ranna Rialtais eile, leis an ECFE, le Coimisiún an AE agus le fóraim idirnáisiúnta eile chun athchóiriú cánach agus custam a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm go rathúil le linn 2024. Go háirithe, oibreoidh muid le gnóthaí agus gníomhairí atá buailte chun cur chun feidhme rathúil rialacha Domhanda Cholún a Dó i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn a chinntiú.

Príomhthosaíocht eile a bheidh againn le linn 2024 ná leanúint lenár rannpháirtíocht leo siúd a bhfuil tionchar ag Samhail Oibriúcháin Sprioc Teorann na Ríochta Aontaithe orthu. D'oibrigh muid le Ranna Rialtais eile le linn 2023 chun feasacht a ardú i measc trádálaithe ar na riachtanais nua, agus leanfaidh muid orainn ag tacú le gnó agus trádáil de réir mar a théann siad i dtaithí ar riachtanais iompórtála Rialtas na Ríochta Aontaithe. Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí tús freisin le mórthionscadal bonneagair chun saoráid bhuan Stáit a fhorbairt in Europort Ros Láir i mí Iúil 2023, agus leanfaidh muid orainn ag gabháil don fhorbairt seo in 2024.

Leanfar lenár gclár oibre chun nuachóiriú cánacha agus dleachtanna a chur chun cinn le linn 2024 agus seolfar céimeanna breise den chomhairliúchán CBL de réir mar a bheidh cruth níos soiléire ar thograí athchóirithe. Leanfaidh muid de thacaíocht leanúnach a chur ar fáil freisin don Roinn Airgeadais maidir le forbairt mholtaí an Choimisiúin Eorpaigh maidir le CBL sa Ré Dhigiteach.

Agus í ag trácht ar leanúint lenár gcuid oibre chun feasacht a ardú ar ár seirbhís moChúrsaí, chuir Ruth Kennedy an méid seo a leanas in iúl:

"I gcomhar leis an Aire Airgeadais, Michael McGrath T.D., sheolamar feachtas fairsing eolais poiblí i mí Eanáir 2024 chun aird a ardú i measc cáiníocóirí ÍMAT faoin raon creidmheasanna cánach agus faoisimh atá ar fáil, agus an chaoi go bhféadtar iad a éileamh. Chuir an feachtas i gcuimhne do cháiníocóirí ÍMAT freisin go gcaithfidh siad muid a chur ar an eolas faoi aon ioncam breise a thuilleadar lasmuigh den chóras ÍMAT.

Cuireann an feachtas seo leis an gclár comhfhreagrais atá idir lámha againn cheana féin agus leanfaidh muid leis an ngníomh seo in 2024, ag scríobh chuig na daoine sin a léiríonn ár dtaifid go bhféadfadh cáin ró-íoctha nó gearríoctha a bheith acu in aon cheann de na blianta 2020–2023.

Dá bhrí sin, molaim do gach cáiníocóir ÍMAT logáil isteach ar ár seirbhís moChúrsaí chun a seasamh cánach a thabhairt chun críche agus a chinntiú go bhfuil gach creidmheas cánach agus faoiseamh atá siad i dteideal a éileamh éilithe acu, agus athruithe eile a dhéanamh ar an bhfaisnéis ar a dtaifead leis na Coimisinéirí Ioncaim – tá sé tapa, tá sé éasca agus tá sé saor in aisce. Má tá airgead dlite ag na Coimisinéirí Ioncaim duit, gheobhaidh tú aisíocaíocht isteach i do chuntas bainc laistigh de chúpla lá. Má tá airgead dlite agat do na Coimisinéirí Ioncaim, oibreoimid leat chun rogha íocaíochta oiriúnach a fháil.”

Mar fhocal scoir, dúirt Niall Cody:

"Ar deireadh, ba mhaith leis na Coimisinéirí Harrahill, Kennedy agus mé féin buíochas a ghabháil le foireann uile na gCoimisinéirí Ioncaim as a ngairmiúlacht, a ndúthracht agus a dtiomantas mar nach bhféadfaí ár n-éachtaí in 2023 a bhaint amach dá n-uireasa."

[Críoch 25/04/2024]