Cannabas luibhe ar luach thart ar €570,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Iarthar Bhaile Átha Cliath
Ar 07/03/2025, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 28.5kg de channabas luibhe ar luach measta de thart ar €570,000 i Iarthar Bhaile Átha Cliath. Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus an tAonad L Drugaí de Réigiún na Mí.
Ghabh An Garda Síochána fear sna 30idí agus tá sé faoi choimeád faoi láthair ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996.
Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le grúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
[CRÍOCH 07/03/2025]