Contrabhanna ar luach os cionn €76,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath
Ar 09/03/2025, mar chuid d'oibríocht ilghníomhaireachta lenar bhain na Coimisinéirí Ioncaim, an Garda Síochána agus baill den Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA), mar aon le madraí Maggie agus Toby, i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, ghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim os cionn 79,200 toitín agus 1.25 kg de thobac.
Chomh maith le sin, choinnigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 667 lítear alcóil (a gcreidtear gur alcól baile é 115 lítear díobh) le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe. Tá luach os cionn €4,000 ar an alcól a ghabhadh, le caillteanas poitéinsil €2,450 don Státchiste. Rinneadh na gabhálacha seo tar éis cuardach a dhéanamh ar mhargadh i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.
Mar thoradh ar sheicphointí ilghníomhaireachta a bhí mar chuid den oibríocht, rinneadh roinnt sáruithe ar chionta trachta bóthair mar aon le cion CCF amháin do na Coimisinéirí Ioncaim. Ghabh oifigigh HPRA roinnt táirgí leighis neamhúdaraithe ar an lá chomh maith.
Tá luach míondíola os cionn €72,000 ar thoitíní agus tobac de bhrandaí éagsúla agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de thart ar €57,300 don Státchiste.
Ceistíodh roinnt daoine an lá chomh maith le fear amháin ina chuid 50idí a ghabh An Garda Síochán ar amhras faoi sciúradh airgid.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar táirgí tobac neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir shaorghlao 1800 295 295.
Molann an HPRA nár chóir duit leighis a cheannach ach ó fhoinsí aitheanta agus iontaofa.
[CRÍOCH 10/03/2025]