Ghabh na Coimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach os cionn €1.4 i mBaile Átha Cliath, i Lár Tíre agus i Ros Láir

Le linn na seachtaine, dar tús 03/03/2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta os cionn €1.4 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus, in Europort Ros Láir.

Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo a leanas:

  • beagnach 65kg de channabas luibhe, ar luach measta de bheagnach €1,285,000
  • 1.5kg de roisín cannabais, ar luach measta os cionn €9,000
  • drugaí aindleathacha éagsúla eile, ar luach measta de bheagnach €4,000
  • tairgí tobac ar luach measta de bheagnach €11,000
  • agus
  • 188 earra góchumtha, ar luach measta os cionn €92,000.

Urghabhadh 55kg de channabas luibhe, ar luach measta de €1,100,000, idirghabháil mar chuid mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis ag Aerfort Bhaile Átha Cliath nuair a chuardaigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim coinsíneacht lasta, a dearbhaíodh mar thobán te jacuzzi, a tháinig ón Téalainn. Bhí an choinsíneacht beartaithe le haghaidh seoladh i dTuaisceart Éireann.

Thángthas ar an gcannabas luibhe, roisín cannabais agus drugaí aindleathacha eile a bhí fágtha fad is a bhí oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag scrúdú beartán in áitribh i mBaile Átha Cliath agus i Lár tíre. Tháinig na beartáin ón SAM, ón RA, ón India, ón Spáinn, ón Fhrainc, ón tSlóivéin agus ón Pholainn, agus bhí siad beartaithe le haghaidh seoltaí sa Fhrainc agus ar fud na tíre.

Urghabhadh 11,000 toitín ar luach €9,900, agus arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de €7,850 don Státchiste, agus 1.4kg de thobac rolta, ar luach €1,100, arb ionann é agus caillteanas potéinsil de €950 don Státchiste, in oibríochtaí ar leithligh i gCill Chainnigh agus i Lár Tíre.

Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla.

Chomh maith leis an méid thuas, urghabhadh os cionn 100 lítear alcóil, ar luach miondíola de bheagnach €2,275 agus arb ionann é agus caillteanas poitéinsil €1,045 don Státchiste, in Europort Ros Láir agus Lár Tíre.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[Críoch 12/03/2025]