Contrabhanna ar luach os cionn €400,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim

An tseachtain seo caite, an tseachtain dar tús 31/03/2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta os cionn €400,000 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliatch, Lár na Tíre agus Ros Láir.

Is mar thoradh ar phróifíliú riosca a aimsíodh an méid seo a leanas:

  • 13.5 kg de channabas luibhe, le luach measta de €254,340
  • 3,166 táibléad Tapentadol, Diazepam, Alprazolam agus Zopiclone, le luach measta de €6,330
  • 1 kg de amfataimín, ar luach measta de €15,000
  • cainníochtaí drugaí aindleathacha éagsúla eile, le luach comhcheangailte de bheagnach €3,800
  • 581 earra góchumtha de bhrandaí éagsúla, ar luach measta os cionn €115,000
  • agus
  • toitíní agus táirgí tobac, a bhfuil luach measta de bheagnach €4,320 acu, agus is ionann é agus caillteanas féideartha os cionn €3,245 don Státchiste.

Thángthas ar na drugaí aindleathacha, le cabhair ó mhadraí brathadóra Sam, Enzo, Ciara agus Grace, i mbeartáin a tháinig ó na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an India, an Spáinn, an Iodáil, an Fhrainc, an tSlóvaic, an Pholainn agus an Ísiltír. Bhí na beartáin beartaithe le haghaidh seoltaí éagsúla ar fud na tíre.

Thángthas ar os cionn 90 lítear alcóil, le luach measta de €1,475 arb ionann é agus caillteanas féideartha os cionn €730 don Státchiste, i gcuardaigh i Lár na Tíre agus i Ros Láir. Chomh maith le sinn, urghabhadh 5 arm i mbeartáin de thionscnamh na hIodáile agus na Fraince.

Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[Críoch 07/04/2025]