Cannabas luibhe ar luach €220,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Ar an 07/04/2025, mar thoradh ar phróifíliú riosca, ghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim 11 kgs de cannabas luibhe ar luach measta €220,000 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Thángthas ar an gcannabas i bhfolach i bpacáistí folúsphacáilte laistigh de bhagáiste paisinéara a tháinig as eitleán a d’eitil ón Spáinn. Ghabh An Garda Síochána fear sna 20idí ina dhiadh sin agus tá sé faoi choimeád faoi láthair faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath. 

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhírítear ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 08/04/2025]