Os cionn €342,000 d’airgead tirim urghafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Ar an gCéadaoin, 09/04/2025, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim €342,000 in airgead tirim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Ba é Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireachta Eagraithe (BNGSDCE) a rinne an oibríocht seo agus thacaigh Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim leis. Gabhadh fear agus bean, beirt ina 60idí, agus coinníodh iad faoi fhorálacha Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007. Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá an gnáthoibríocht seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 10/04/2025]