Cannabas luibhe ar luach €446,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Ar an Máirt, 15/04/2025, mar thoradh ar phróifíliú riosca, ghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim 22.3kg de channabas luibhe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá luach measta de thart ar €446,000 ar an gcannabas.

Thángthas ar an gcannabas i bhfolach i bpacáistí folúsphacáilte laistigh de bhagáiste paisinéara a tháinig as eitleán a d’eitil ó Abu Dhabi.  Ghabh An Garda Síochána fear sna 20idí i dtaca leis an urghabháil  

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d'oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar iompórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 15/04/2025]