Contrabhanna ar luach os cionn €660,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus i Ros Láir
Le seachtain anuas, dar críoch an 13/04/2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta de €660,650 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus, in Europort Ros Láir.
Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo a leanas:
- 20.6 kg de channabas luibhe, ar luach measta os cionn €413,000
- beagnach 60kg d’iteáin, ar luach measta de €55,000
- drugaí aindleathacha éagsúla eile, ar luach measta de €20,300
- toitíní agus táirgí tobac ar luach measta de €96,850
- agus
- 244 earra góchumtha de bhrandaí éagsúla, ar luach measta os cionn €67,500.
San áireamh sna táirgí tobac tá 1,363kg de thobac amh, le luach measta os cionn €91,000, a gabhadh i gCalafort Bhaile Átha Cliath. Tháinig an tobac ón Iodáil, agus rinneadh é a thascradh le cabhair ón madra brathadóir Milo.
Aimsíodh an cannabas luibhe agus drugaí aindleathacha, le cúnamh ón madraí brathadóra Sam, Ciara agus Enzo fad is a bhí oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ag cuardach beartáin in áitribh i mBaile Átha Cliath agus i Lár Tíre. Tháinig na beartáin ó Cheanada, na Stáit Aontaithe, an Spáinn, an Ghearmáin, an Pholainn, an tSlóivéin, Poblacht na Seice, an India, an Ríocht Aontaithe, an Ísiltír agus an Fhrainc, agus bhí siad i ndán do sheoltaí ar fud na tíre.
Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla.
Chomh maith leis an méid thuas, urghabhadh beagnach 640 lítear alcóil, ar luach miondíola €8,000 agus arb ionann é agus caillteanas poitéinsil €4,750 don Státchiste, in oibríochtaí éagsúla. Urghabhadh tríocha sé arm i Lár na Tíre freisin.
Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.
[Críoch 15/04/2025]