Cannabas luibhe ar luach €1.8 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gContae Lú
Ar an 12/05/2025, le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 90 kg de channabas luibhe ar luach measta de €1.8 i gCo. Lú. Rinneadh an urghabháil seo mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Aonad Drugaí de Réigiún na Lú.
Ghabh An Garda Síochána fear amháin sna 50idí agus tá sé faoi choimeád faoi láthair ag Stáisiún Gardaí i gContae Lú faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil Gáinneáil ar Dhrugaí 1996.
Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le grúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
[CRÍOCH 12/05/2025]