Contrabhanna ar luach beagnach €357,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in oibríochtaí éagsúla

Le linn na seachtaine dar tús 05/05/2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta de bheagnach €356,595 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus, i Loch Garman, i gCill Chainnigh agus i Laois.

Is mar thoradh ar phróifíliú riosca a aimsíodh an méid seo a leanas:

  • 9.8 kg de channabas luibhe, ar luach measta de €196,000.
  • 2.7kg de iteán cannabais, ar luach measta os cionn €2,700.
  • 5,110 táibléad zopiclone, ar luach measta os cionn €10,200.
  • táirgí tobac ar luach measta de €23,800, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil os cionn €18,900 don Státchiste.
  • táirgí alcóil ar luach measta os cionn €1,600, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil os cionn €1,100 don Státchiste.
  • 329 earra góchumtha, ar luach measta os cionn €97,400.

Aimsíodh an cannabas luibhe agus drugaí eile, le cúnamh ó na madraí brathadóra Ciara agus Enzo, fad is a bhí oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim i mbun scrúdaithe ar bheartáin in áitribh i mBaile Átha Cliath agus i Lár Tíre. Tháinig na beartáin ón India, na Stáit Aontaithe, an Téalainn, an Ríocht Aontaithe, an Pholainn, an Spáinn agus an Phortaingéil, agus bhí siad i ndán do sheoltaí éagsúla ar fud na tíre.

Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla.

Urghabhadh na táirgí tobac agus alcóil in oibríochtaí éagsúla i Lár na Tíre, i Ros Láir agus i gCill Chainnigh, mar thoradh ar phróifiliú riosca agus le cabhair ó mhadraí brathadóra Molly agus Jasper. Urghabhadh ocht n-arm déag i Lár na Tíre freisin.

Ar an gCéadaoin, 07/05/2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim €24,895 in airgead tirim le linn cuardach maoine i gCo Laoise. Dheonaigh an Breitheamh Andrew Cody Ordú Coinneála don airgead tirim ina dhiaidh sin i gCúirt Dúiche Phort Laoise an 09/05/2025.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[Críoch 13/05/2025]