Cannabas luibhe ar luach €522,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Ar 14/05/2025, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 26.10 kg de channabas luibhe ar luach measta de thart ar €522,000 in Aerfort Bhaile Átha Cliath. 

Thángthas ar an gcannabas i bhfolach i bpacáistí folúsphacáilte laistigh de bhagáiste paisinéara a tháinig i dtír ó eitilt as Abu Dhabi.  Ghabh An Garda Síochána bean a bhí amach sna déaga i dtaca leis an urghabháil agus coinníodh í faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ag Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath. Cúisíodh í ó shin agus tá sí os comhair na cúirte.

Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le grúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 15/05/2025]