Tobac ar luach €2.8 milliún gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Aerphort Bhaile Átha Cliath
Le laethanta beaga anuas, mar thoradh ar ghnáthphróifíliú, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 3,456 kg de thobac rollta ar luach measta miondíola de thart ar €2.8 milliún ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de thart ar €2.1 milliún don Státchiste.
Aimsíodh an tobac rollta aindleathach, brandáilte 'Turner', i gcoinsíneacht lastas aeir, a bhí ar sonraithe mar éadaigh ar an lastliosta, agus a tháinig ón Meánoirthear. Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an ghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar táirgí neamhdhleathacha tobac. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir shaorghlao 1800 295 295.
[CRÍOCH 16/05/2025]