Rothair leictreacha agus Scútair leictreacha ar luach miondíola measta de €4.5 milliún gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim

Le cúpla lá anuas, tá barántais chuardaigh forghníomhathe ag oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, rud a d'fhág gur gabhadh os cionn 4,000 rothar leictreach agus líon beag scútair leictreacha, ag dhá láthair éagsúla i Loch Garman mar chuid d'oibríocht a dhíríonn ar iompórtáil neamhdhleathach de rothair leictreacha.

  • Is é €4.5 milliún luach miondíola poitéinsil measta na hurghabhála.
  • Is é €2.3 milliún an caillteanas poitéinsil a d'fhéadfadh a bheith ann don Státchiste maidir le dleachtanna iompórtála.

Mar chuid d'imscrúdú leanúnach, rinne oifigigh de na Coimisinéirí Ioncaim cuardach ar dhá stóras in áiteanna ar leith i gceantar Loch Garman agus thángthas ar líon suntasach rothair leictreacha agus líon beag scútair leictreacha. Thángthas ar earraí coimhdeacha agus páirteanna spártha freisin. Creidtear go raibh na rothair leictreacha agus na scútair leictreacha seo beartaithe le bheith curtha ar díol ar mhargadh náisiúnta agus ar mhargadh an AE.  

Tá roinnt daoine ag cabhrú le fiosrúcháin.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag obair le OLAF (an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise) san imscrúdú seo, chun leasanna airgeadais an AE a chosaint ar rud a chreidtear a bheith mar chuid d'oibríocht smuigleála idirnáisiúnta atá á reáchtáil ar fud an Aontais. 

Tá na gabhálacha seo mar chuid d'fheachtas leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil neamhdhleathach de tháirgí isteach sa Stát agus san Aontas Eorpach i gcoitinne. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.                            

[CRÍOCH 23/05/2025]