Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Ar 10/06/2025, d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2025. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, ina dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag an gCúirt ina leith gur chóir pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha orthu ag an gCúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse, 31 Márta 2025. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 iomlán na cánach) agus nach bhfuil nochtadh cáilitheach déanta:

  • Ní raibh ach cás amháinden chineál seo ann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2025, agus  ba é €781,061 méid iomlán na bpionós arna ghearradh ag an gCúirt.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.

  • 51  cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €74,862.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Áirítear ina measc siúd:

  • 3 cás inar loiceadh tuairisceán/tuairisceáin Chánach Ioncaim a thíolacadh, 1 chás inar loiceadh tuairisceán/tuairisceáin CBL a thíolacadh, 1 chás inar loiceadh CBL a íoc, agus 2chás inar teipeadh leabhair agus taifid a chur ar fáil, ar gearradh fíneálacha Cúirte arbh fhiú €5,000 san iomlán iad ina leith. Gearradh pianbhreith amháin 3 bliana agus 6 mhí príosúnachta (ar fionraí ar feadh tréimhse 12 bliana) freisin.
  • 14 gcás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €36,000 ina leith. Gearradh pianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leana freisin:
    • 1 phianbhreith 60 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 3 mhí, agus
    • 1 phianbhreith de 80 uair an chloig seirbhíse pobail.
  • 23  cás a bhain le coireanna máil as ucht smuigleáil tobac, díol mídhleathach tobac, agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol,  ar gearradh fíneálacha Cúirte de €29,250 ina leith. Gearradh pianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leana freisin:
    • 1 phianbhreith príosúnachta 15 mhí
    • 2 phianbhreith príosúnachta 2 mhí
    • 2 phianbhreith príosúnachta 15 mhí
    • 2 phianbhreith príosúnachta 2 mhí (ar fionraí ar feadh 6 mhí)
    • 1 phianbhreith príosúnachta 1 mhí (ar fionraí ar feadh 1 mhí)
    • 1 phianbhreith príosúnachta 1 sheachtain (ar fionraí go hiomlán ar feadh 1 sheachtain) agus
    • agus
    • 1 phianbhreith 60 uair an chloig seirbhíse pobail (in ionad príosúnacht 3 mhí).
  • 6 chás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú, agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €3,362 ina leith.
  • 1 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, ar gearradh iomlán de  €1,250 i bhfíneálacha Cúirte ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 19 cás á fhoilsiú inniu agus is é €6.2 milliún iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo. 
    • Bhí 1 chás níos lú ná €100,000,
    • Bhí 14 cás idir €101,000 agus €500,000,
    • Bhí 3 chás idir €501,001 agus €1,000,000,
    • Bhí 1 chás níos mó ná €1,000,000.
  • Bhí 3 chás ann nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Márta 2025. 
  • Ba é€752,240 an tsuim neamhíoctha faoin 31 Márta 2025. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/aisghabháil (m.sh., i gcás leachtú cuideachta).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht 

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim.  Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 31 Márta 2025, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 16,673 Idirghabháil Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €123,657,575 orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach