Contrabhanna ar luach níos mó ná €425,500 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in oibríochtaí éagsúla

Ar an tseachtain dar tús 07/07/2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta de €425,660 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre, agus in Europort Ros Láir.

Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo a leanas:

  • 13.6 kg de channabas luibhe, ar luach measta de bheagnach €271,400
  • Táibléid éagsúla ar luach measta de €2,260
  • Drugaí aindleathacha éagsúla eile ar luach measta níos mó ná €6,300
  • 118 lítear alcóil ar luach measta os cionn €2,800 arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de €1,680 don Státchiste
  • táirgí alcóil ar luach measta os cionn €9,400, agus arb ionann é agus caillteanas poitéinsil os cionn €7,200 don Státchiste
  • 254 earra góchumtha ar luach measta de bheagnach €133,500.

Aimsíodh an cannabas luibhe agus drugaí aindleathacha le cúnamh ó na madraí brathadóra Ciara agus Enzo, fad is a bhí oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim i mbun scrúdaithe ar bheartáin in áitribh i mBaile Átha Cliath agus i Lár Tíre. Tháinig na beartáin ó na Stáit Aontaithe, an Fhrainc, Ceanada agus an Ríocht Aontaithe, agus bhí siad i ndán do sheoltaí éagsúla ar fud na tíre.

Urghabhadh na toitíní agus na táirgí alcóil in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus i Ros Láir. Urghabhadh trí arm is fiche freisin.

Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[Críoch 15/07/2025]