Alcól ar luach €93,235 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim ag Calafort Bhaile Átha Cliath

Ar an Aoine (01/08/2025), ghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim 23,382 lítear beorach, ar luach measta €93,235 ag Calafort Bhaile Átha Cliath Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar phróifíliú riosca. B'ionann an t-alcól aindleathach agus thart ar 23,382 lítear beorach agus b'ionann é agus caillteanas beagnach €43,665 don Státchiste.

Gabhadh an coinsíneacht nuair a stop agus chuardaigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim coimeádán neamhthionlactha a tháinig i dtír ar bhád farantóireachta ó Dunkirk na Fraince. Tá imscrúduithe fós ar siúl. 

Tá an gnáthoibríocht seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag an bpobal, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí glaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 01/08/2025]