Drugaí gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gContae Lú ar luach €700,000
Ar 12/08/2025, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis lena raibh Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), Aonad Drugaí na Roinne Dún Dealgan agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim páirteach, gabhadh thart ar 10kg de chócaon ar luach measta €700,000 i nDún Dealgan, Co. Lú.
Ghabh an Garda Síochána beirt, fear sna 40idí agus bean sna 30idí tar éis an urghabháil agus tá siad á gcoinneáil faoi láthair i stáisiún Gardaí i réigiún an Oirthuaiscirt faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996. Tá imscrúduithe fós ar siúl faoi láthair.
Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le grúpaí coireachta eagraithe agus ar impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.
[Críoch 12/08/2025]