Cannabas luibhe ar luach €120,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCo. Loch Garman
Ar 13/08/2025, le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 6kg de channabas luibhe ar luach measta de thart €120,000 i gContae Loch Garman.
Rinneadh an t-urghabháil seo mar thoradh ar chomhoibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus an Aonad Drugaí agus Coireachta Inis Córthaidh atá lonnaithe i Réigiún an Oirdheiscirt.
I gcuardach leantach, d'urghabh na Gardaí cainníocht bhreise de thart ar 1.5kgs de channabas luibhe le luach margaidh poitéinsil de €30,000 agus thart ar 250 gram de chócaon amhrasta (faoi réir anailíse fóireinseach) le luach margaidh de €17,500.
Ghabh an Garda Síochána beirt fhear, a bhí sna 20idí agus sna 30idí, agus tá siad á gcoinneail faoi láthair i Stáisiún Gardaí i Réigiún an Oirdheiscirt faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996.
Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an urghabháil seo mar chuid de chomhimscrúduithe leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le grúpaí coireachta eagraithe agus impórtáil, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir fóin 1800 295 295.
[Críoch 13/08/2025]