Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Ar 09/09/2025, d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Aibreán 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, ina dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag an gCúirt ina leith gur chóir pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha orthu ag an gCúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse, 30 Meitheamh 2025. Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

Cinneadh Cúirte ar Phionós

Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 iomlán na cánach) agus nach bhfuil nochtadh cáilitheach déanta:

  • Ní raibhach 2 chás den chineál seoann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2025, agus ba é€42,612 méid iomlán na bpionós arna ghearradh ag an gCúirt.

Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt

Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta

  • 40  cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €91,177.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.

Áirítear ina measc siúd:

  • 3 chás inar loiceadh tuairisceán/tuairisceáin Chánach Ioncaim a thíolacadh, agus 1 chás inar theip orthu leabhair agus taifid a chur ar fáil, ar gearradh fíneálacha Cúirte €10,500 san iomlán ina leith. Gearradh pianbhreith amháin príosúnachta 1 seachtaine (ar fionraí ar feadh tréimhse 1 sheachtain) freisin.
  • 10 gcás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €27,500 ina leith. Pianbhreith amháin príosúnachta 3 mhí ar fionraí go hiomlán mar gur gearradh pianbhreith 12 mhí freisin.
  • 2 chás maidir le hearraí toirmiscthe a choinneáil, 8 gcás smuigleála tobac, 6 chás maidir le tobac a dhíol go neamhdhleathach, agus 4 chás ina raibh seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol nó lena sheachadadh, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €47,500 san iomlán ina leith. Gearradh pianbhreith d'fhaid éagsúla mar seo a leana freisin:
    • 2 phianbhreith 240 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 12 mhí
    • 1 phianbhreith 240 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 15 mhí
    • 1 phianbhreith príosúnachta 1 bhliain
    • 1 phianbhreith 10 mí, arna siardhátú go dtí an 30ú Eanáir 2025, agus iarmhéid na pianbhreithe curtha ar fionraí ón 21 Bealtaine 2025 ar feadh 10 mí le coinníollacha
    • 1 phianbhreith 15 mhí, ar fionraí go hiomlán ar feadh 2 bhliain
    • 1 phianbhreith príosúnachta 2 mhí
    • agus
    • 1 phianbhreith príosúnachta 30 mí ar fionraí go hiomlán ar feadh30 mí.
  • 5 chás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú, agus gearradh fíneálacha Cúirte dar suim €4,427.50 ina leith.
  • 1 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, ar gearradh iomlán de  €1,250 i bhfíneálacha Cúirte ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 36  cás á fhoilsiú inniu agus is é €9,462,740  iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo. 
    • Bhí 5 chás níos lú ná €100,000.
    • Bhí 28 cás idir €101,000 agus €500,000.
    • Bhí 1 chás níos mó ná€501,000 ach nach mó ná €1,000,000.
    • Bhí 2 chás a sháraigh €1,000,000
  • Bhí 5 chás ann nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meitheamh 2025. 
  • Ba é€1,264,411 an tsuim neamhíoctha faoin 30 Meitheamh 2025. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/aisghabháil (m.sh., i gcás leachtú cuideachta).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht 

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim.  Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meitheamh 2025, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 19,228 Idirghabháil Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €127,548,333 orthu.

Liosta na mainnitheoirí cánach