Fógraíonn na Coimisinéirí Ioncaim pleananna maidir le riachtanais bainteach le cur chun feidhme CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA)

Ar an 08/10/2025, leag na Coimisinéirí Ioncaim amach sonraí faoin obair atá ar bun acu chun ullmhú do riachtanais an AE i leith cur i bhfeidhm CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA), i gcomhréir leis an óráid Bhuiséid a thug an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, inné.

Ghlac Comhairle an AE an Treoir ViDA, a bhaineann leas as dul chun cinn na teicneolaíochta digití chun córais CBL a nua-aoisiú ar fud na hEorpa, i mí an Mhárta 2025 agus chomhaontaigh na Ballstáit go léir í. Baineann ceann de phríomhghnéithe na Treorach ViDA le ríomhshonrascadh a thabhairt isteach idir ghnóthaí, agus le tuairisciú digiteach fíor-ama a dhéanann gnóthaí d'údaráis chánach. Ó mhí Iúil 2030 ar aghaidh, beidh ar ghnóthaí a dhéanann trádáil thrasteorann laistigh den AE na córais nua ríomhshonrasctha seo a oibriú chun rochtain a choinneáil ar na socruithe reatha CBL 0% a thacaíonn le trádáil an Mhargaidh Aonair.

Chun a dhóthain ama ullmhúcháin a thabhairt do ghnóthaí Éireannacha sula dtagann ViDA de bheith éigeantach, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim riachtanais ríomhshonrasctha i bhfeidhm de réir a chéile mar seo a leanas:

  1. Céim a hAon - Ó mhí na Samhna 2028, beidh ar eintitis mhóra chorparáideacha atá cláraithe le haghaidh CBL ríomhshonrascadh éigeantach agus tuairisciú fíor-ama a chur i bhfeidhm d'idirbhearta gnó-go-gnó intíre (B2B).
  2. Céim a Dó - Ó mhí na Samhna 2029, leathnófar amach ríomhshonrascadh éigeantach agus tuairisciú fíor-ama d'idirbhearta B2B intíre chuig gach gnólacht atá cláraithe le haghaidh CBL a bhíonn ag gabháil do thrádáil trasteorann B2B san AE.
  3. Céim a Trí – Ó mhí Iúil 2030, beidh feidhm ag ríomhshonrascadh éigeantach agus tuairisciú fíor-ama maidir le gach idirbheart trasteorann B2B san AE.  

Chomh maith leis an méid thuas, ní mór do gach gnólacht an cumas a bheith acu ríomhshonraisc a fháil ó mhí na Samhna 2028. Áirítear leis seo gnólachtaí nach gceanglaítear orthu, faoin cur i bhfeidhm céimnithe, ríomhshonraisc a eisiúint.

Tacóidh na hathruithe seo le gnóthaí trí dhigitiú agus uathoibriú a bpróisis ghnó agus tuairiscithe inmheánacha a éascú. Cuirfidh dul chun cinn an chórais uirlisí breise ar fáil do Bhallstáit an AE freisin chun calaois CBL a chomhrac.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis tús a chur le hobair athdheartha agus nuachóirithe maidir leis an gcaoi a ndéantar CBL a riar in Éirinn. Mar chuid den obair seo, sheol na Coimisinéirí Ioncaim comhairliúchán poiblí i mí Dheireadh Fómhair 2023 chun scrúdú a dhéanamh ar na bealaí ina bhféadfaí córas sonraisc agus tuairiscithe CBL na hÉireann a nuachóiriú. Léirigh na torthaí ón gcomhairliúcháin tosaigh seo, a eisíodh i mí an Mheithimh 2024, go bhfuil saineolas digiteach éigin ag cuid mhór de na freagróirí cheana féin, agus go dtacaíonn siad le ríomhshonrascadh agus tuairisciú fíor-ama a thabhairt isteach d'idirbhearta B2B.

D'ainneoin na dtorthaí tosaigh seo, aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim gur athrú suntasach a bheidh ann do roinnt gnóthaí Éireannacha aistriú go ríomhshonrascadh, agus tá aiseolas ón gcomhairliúcháin tosaigh curtha san áireamh agus leanfar leis sin, de réir mar a fhorbraítear an obair theicniúil agus na córais TF lena chur i bhfeidhm go héifeachtúil.

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim tacaíocht ar fáil do pháirtithe leasmhara le linn an phróisis aistrithe, agus beidh tuilleadh deiseanna rannpháirtíochta ann de réir mar a mhúnlaítear na hathchóirithe seo, de réir mar a dhéantar iad a thástáil agus a scagadh, agus de réir mar a oibrítear iad. Mar chuid de seo, d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim doiciméad inniu, ina dtugtar tuilleadh sonraí faoi na hathruithe is féidir le gnóthaí agus páirtithe leasmhara a bheith ag súil leo, agus céard a chiallóidh na hathruithe sin dóibh. Féadtar rochtain a fháil ar an doiciméad anseo.

[CRÍOCH 08/10/2025]