Lainseáil na Coimisinéirí Ioncaim cuitéar Custam nua

Ar an 16/10/2025, lainseáil na Coimisinéirí Ioncaim an cuitéar Custam nua 'Cosaint' le linn searmanais fhoirmiúil ainmnithe agus coimisiúnaithe i gCionn tSáile, Co. Chorcaí. Choimisiúnaigh na Coimisinéirí Ioncaim an cuitéar nua in 2023 agus fuair siad 'Cosaint' i mí Lúnasa 2025.

Beidh 'Cosaint' á hoibriú ag Aonad Muirí sainfheidhmeach na gCoimisinéirí Ioncaim, atá freagrach as monatóireacht agus patróil a dhéanamh ar 3,173 ciliméadar de chósta na hÉireann. Le hocht seachtaine anuas, thug an tAonad Muirí faoi thrialacha farraige agus inlíochtaí cleachta, chomh maith le roinnt cleachtaí patróil gníomhacha a rinneadh ar bord. Beidh 'Cosaint' isteach i mbun seirbhíse oibríochta iomláine sna seachtainí amach romhainn.

Tá ‘Cosaint’ ag teacht in áit R.C.C. 'Suirbhéir', atá i mbun seirbhíse ó 2004 agus a bheidh curtha as feidhm ó dhualgas gníomhach sna seachtainí amach romhainn, agus beidh Cosaint' ag feidhmiú le R.C.C. 'Faire' mar chuid de fhlít na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá brí soiléir leis an ainm 'Cosaint', agus ainmníodh 'Faire' i ndiaidh an iarghrád Custam "Watcher". Léiríonn na hainmneacha seo an ról tábhachtach atá ag foirne forfheidhmithe na gCoimisinéirí Ioncaim chun pobail a chosaint ó earraí mídhleathacha agus ó ghníomhaíochtaí coiriúla.

Ag labhairt dó ag an ócáid inné, dúirt an Cathaoirleach Niall Cody:

Bhain ár bhfoirne forfheidhmithe torthaí eisceachtúla amach le blianta beaga anuas. Ó Eanáir 2023 i leith tá níos mó ná 35,000 urghabháil de dhrugaí mídhleathacha déanta acu, arb ionann iad agus 110 tonna, agus ar luach measta os cionn €650 milliún. 

Is léiriú soléir é soláthar an Chuitéir Custam nua seo ar thiomantas leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim, agus Stát na hÉireann, chun dul i ngleic le trádáil neamhdhleathach, le smuigleáil agus le coireacht eagraithe san fhearann muirí.

Ag aithint na hoibre riachtanaí a dhéanann foirne forfheidhmithe na gCoimisinéirí Ioncaim chun na croíshlabhraí soláthair a bhaineann le gníomhaíochtaí coiriúla a chur as a riocht agus a stopadh, dúirt an Coimisinéir Maura Kiely:

Is fianaise thar na bearta iad na torthaí a ghnóthaigh ár bhfoirne forfheidhmithe ar a ndúthracht agus ar a ndíograis. Inniu, aithnítear a gcuid scileanna agus misneach, go háirithe scileanna ár nAonad Muirí mar chriú ar na cúitéir, agus a oibríonn i dtimpeallachtaí thar a bheith dúshlánach agus deacair.

Tá na caidrimh straitéiseacha oibre atá againn le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear ár gcomhpháirtithe sa Tascfhórsa Comhpháirteach ríthábhachtach don méid a bhaintear amach inár gcomhrac i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí.

Tá 'Cosaint' deartha go speisialta chun tacú le hoibríochtaí casta forfheidhmithe muirí. Tá sí 35 méadar ar fhad, le tonnáiste iomlán 204 tonna. Tá raon breis is 750 muirmhíle, agus lánluas de 18 muirmhíle. Tá an cuitéar thar a bheith so-ionramháilte agus cuirfidh sé go mór le cumas Aonas Muirí na gCoimisinéirí Ioncaim patróil éifeachtach a dhéanamh agus dul i ngleic le smuigleáil, rud a chosnóidh críoch chustaim agus teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh. 

Tá áthas ar na Coimisinéirí Ioncaim gur oibrigh siad leis an nGrúpa Armon sa Spáinn, a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu as dearadh agus tógáil soithí den scoth do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ar fud an domhain, chun an Cuitéar nua seo a sheachadadh.

Ag trácht ar sheachadadh 'Cosaint' do na Coimisinéirí Ioncaim, dúirt Ricardo Garcia, Stiúrthóir Tráchtála an Ghrúpa Armon:

Ba é an ócáid inné buaicphointe na hoibre go léir, blianta de phleanáil, tógáil agus trialacha farraige dian. Tá muid bródúil gur oibrigh muid leis na Coimisinéirí Ioncaim chun 'Cosaint' a sheachadadh laistigh den bhuiséad agus roimh an sprioc.

Tá 'Cosaint' feistithe le hardchórais loingseoireachta agus faireachais, a neartóidh go mór cumas na gCoimisinéirí Ioncaim idirghabhálacha éifeachtacha a dhéanamh. Cuirfidh an ghlúin nua seo cuitéar ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim na rialuithe teorann riachtanacha a chur i bhfeidhm ar bhealach atá tíosach ar fhuinneamh agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Bhain costas €8.75 milliún leis an gcuitéar (gan CBL san áireamh), agus maoiníodh é ón Státchiste agus le deontas ó OLAF (an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise) ó Chlár Frithchalaoise an AE. 

[CRÍOCH 17/10/2025]