Toitíní ar luach measta €858,500 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gContae Uíbh Fhailí mar chuid de chomhoibríocht
Ar an 23/10/2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, le tacaíocht ón madra bolaíochta Sam, 906,000 toitín ar luach measta miondíola os cionn €858,500, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de bheagnach €673,000 don Státchiste.
Urghabhadh na toitíní nuair a chuaigh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in éineacht le comhghleacaithe ón nGarda Síochána ar chuardach, faoi bharántas, ar dhá áitreabh in Éadan Doire agus Ród. Bhí na toitíní brandáilte mar Marlboro Gold, Winston, L&M, MAC White Gold, NZ Gold, agus M1 Superslims. Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an scáthgheilleagar agus ar sholáthar táirgí tobac neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir 1800 295 295.
[CRÍOCH 23/10/2025]