€291,110 in airgead tirim gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn dhá oibríocht
Dé Luain an 27/10/2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim €291,110 in airgead tirim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath i dhá oibríocht ar leith.
Thángthas ar an airgead tirim ar dtús mar gheall ar mhadra bolaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim Maggie, agus as sin rinne oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim grinnscrúdú ina dhiaidh sin. Fuarthas beirt phaisinéirí, a bhí le heitilt amach go dtí an Tuirc, le suimeanna airgid de €150,060 agus €141,050 acu. Bhí an t-airgead tirim i bhfolach i mbaill éadaigh laistigh de bhagáiste na bpaisinéirí. Is airgeadra Euro a bhí san airgead tirim a aimsíodh, in ainmníochtaí éagsúla.
Ceistíodh beirt fhear ar an láthair, duine ina chuid 20í agus an duine ina chuid 30idí. Tá imscrúduithe ar siúl ar an dá urghabháil.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar smuigleáil. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.
[CRÍOCH 30/10/2025]