Urghabháil drugaí ar luach thart ar €103,000 déanta mar thoradh ar chomhoibríocht

Ar an 4/11/2025, mar chuid d'oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis, urghabhadh 4.35kg de channabas luibhe ar luach measta €87,000 agus thart ar 235g de chócaon amhrasta ar luach measta €16,450 i ndeisceart chontae Bhaile Átha Cliath.

Rinneadh na hurghabhálacha mar thoradh ar chomhoibríocht a rinne Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), Aonad Drugaí Thoir Réigiún Chathrach Bhaile Átha Cliath, agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ghabh Oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim thart ar 4.35 kg de channabas luibhe ar luach measta €87,000, agus i gcuardach a rinneadh mar chuid den oibríocht, ghabh an Garda Síochána cainníocht bhreise de thart ar 235 gram de chócaon amhrasta, rud a d'fhág gurb é €103,450 an luach measta iomlán.  

Ghabh An Garda Síochána fear amháin, sna 30idí, agus tá sé faoi choimeád faoi láthair ag Stáisiún Gardaí i gCo. Bhaile Atha Cliath faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil Gáinneáil ar Dhrugaí 1996.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 04/11/2025]