Contrabhanna ar luach beagnach €693,900 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in oibríochtaí éagsúla

Le linn na seachtaine seo caite, dar tús 03/11/2025, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta de bheagnach €693,900 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre, agus in Europort Ros Láir.

Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo a leanas:

  • 11.65 kg de channabas luibhe, ar luach measta os cionn €228,000.
  • 513g de roisín cannabais, ar luach measta os cionn €3,000.
  • Drugaí aindleathacha éagsúla eile, ar luach measta de bheagnach €5,000.
  • Táirgí tobac, ar luach measta os cionn €1,700, agus arb ionann iad agus caillteanas poitéinsil os cionn €1,300 don Státchiste.
  • Os cionn 79,550 lítear alcóil ar luach measta beagnach €317,400 arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de bheagnach €148,700 don Státchiste.
  • 175 earra góchumtha ar luach measta de bheagnach €138,800.

Mar chuid den urghabháil alcóil, gabhadh thart ar 79,200 lítear beorach i dtrí choinsíneacht in Europort Ros Láir. Urghabhadh an beoir mar thoradh ar ghnáthphróifíliú a bhí dírithe ar tháirgí alcóil a aithint a d’fhéadfadh a bheith á atreorú go dtí an margadh gan an cháin dlite a íoc. Tháinig an t-alcól i dtrí leantóir tionlactha a bhí tar éis teacht i dtír ar bháid farantóireachta ón Fhrainc. Tar éis imscrúdaithe, gabhadh an trí leantóir agus na tairgí alcóil ar fad. Tá imscrúduithe fós ar siúl.

Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla. Urghabhadh sé arm agus gabhálais freisin.

Tá imscrúduithe ar siúl maidir leis na hurghabhálacha seo go léir.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí, nó baill den bpobal, maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún, trí ghlaoch a chur ar 1800 295 295.  

[Críoch 12/11/2025]