Urghabháil drugaí ar luach thart ar €600,000 déanta mar thoradh ar chomhoibríocht

Ar 12/11/2025, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, gabhadh 30kg de channabas luibhe san iomlán, ar luach measta €600,000, ag Aerfort na Sionainne.

Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht a rinne an Garda Síochána agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ghabh an Garda Síochána fear amháin, atá sna 20idí, agus tá sé faoi choimeád faoi láthair i Stáisiún Gardaí i Roinn an Chláir-Thiobraid Árann.

Tá imscrúduithe fós ar siúl.

[CRÍOCH 12/11/2025]