Urghabháil céataimín ar luach thart ar €540,000 déanta mar thoradh ar chomhoibríocht i gCo. Chill Dara
Ar 13/11/2025, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis lena raibh Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE), Aonad Drugaí Dhroichead Nua agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim páirteach, gabhadh thart ar 9kg de chéataimín ar luach measta €540,000 i gCo. Chill Dara.
Ghabh An Garda Síochána fear sna 20idí atá anois faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 i Stáisiún Gardaí i gCo. Chill Dara. Tá imscrúduithe fós ar siúl.
Tá an urghabháil seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.
[CRÍOCH 13/11/2025]