Urghabháil drugaí ar luach thart ar €4.4 milliún déanta mar thoradh ar chomhoibríocht

Ar 14/11/2025, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh Custam na gCoimisinéirí Ioncaim 220 kg de channabas luibhe san iomlán, ar luach measta €4.4 milliún. Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht idir Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim.

Sa bhreis air sin, ghabh An Garda Síochána 10.5kg de channabas luibhe, ar luach measta €210,000, agus €10,000 in airgead tirim le linn cuardaigh leantacha.

Gabhadh ceathrar fear sna 30idí atá á gcoimeád i stáisiúin Ghardaí i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara faoi fhorálacha Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007. 

Tá imscrúduithe fós ar siúl. 

[CRÍOCH 15/11/2025]