Tá foláireamh tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim do shiopadóirí ar líne faoi earraí a cheannach ó taobh amuigh den AE

Roimh Aoine Mhór na Siopadóireachta agus Cibear-luan, dhá cheann de na tréimhsí siopadóireachta ar líne is gnóthaí den bhliain, tá na Coimisinéirí Ioncaim ag meabhrú do thomhaltóirí a sheiceáil an bhfuil gach costas cánach agus dleachta san áireamh i bpraghas fógraithe na n-earraí sula ndéantar ceannach. Mura bhfuil na costais seo san áireamh, d'fhéadfadh muirir bhreise amhail CBL agus Dleacht Chustam a bheith i gceist nuair a thagann na hearraí isteach go hÉirinn.

Ag cur síos ar an tábhacht leanúnach a bhaineannn leis na rialacha seo, dúirt Maureen Dalton, Uasal, Ceannasaí ar Bhrainse Bainistíochta Teorann Oirdheiscirt na gCoimisinéirí Ioncaim, an méid seo:

"Tá muid ag meabhrú do thomhaltóirí go bhféadadh costais bhreise teacht chun cinn má cheannaítear earraí ar líne ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach, lena n-áirítear ón Ríocht Aontaithe (gan Tuaisceart Éireann san áireamh). Tá foirmiúlachtaí custaim i bhfeidhm agus gearrtar CBL ar gach earra a iompórtáiltear, beag beann ar luach."

Mhínigh Maureen Dalton, Uasal, conas ar féidir leis an lucht siopadóireachta muirir bhreise gan choinne a seachaint:

"Má tá sé i gceist agat leas a bhaint as tairiscintí Aoine Mhór na Siopadóireachta nó Cibear-Luain, déan cinnte go gcuimsíonn an praghas iomlán CBL Éireannach agus aon Dleacht Chustam is infheidhme. Cuireann roinnt miondíoltóirí cánacha agus dleacht san áireamh ag an am ceannaithe, rud a chiallaíonn nach mbeidh aon mhuirir bhreise i gceist ó na Coimisinéirí Ioncaim. Má thug suíomh idirlín le fios go raibh "cánacha agus dleachtanna san áireamh" nó má thaispeántar muirir iompórtála ag céim an tseiceáil amach, níor cheart go mbeadh aon mhuirir bhreise le híoc ag tráth an tseachadta.  Murab amhlaidh an cás, áfach, beidh ort na muirir ábhartha a íoc leis an tseirbhís poist nó leis an iompróir sula scaoilfear na hearraí."   

Lean sí uirthi lena comhairle ag moladh do shiopadóirí polasaí an mhiondíoltóra maidir le custaim agus cánacha a sheiceáil:  

"Maidir le treoir ar pholasaí an mhiondíoltóra ar líne i ndáil le haon dleachtanna custam nó cáin a d'fhéadadh a bheith i gceist, ba chóir do cheannaitheoirí dul i gcomhairle leis na rannáin a bhaineann le Seachadadh agus Iompar, amhail Téarmaí agus Coinníollacha nó le hOrduithe Idirnáisiúnta a bhíonn suite de ghnáth ag bun phríomhleathanach an tsuímh idirlín. Mura bhfuil sé seo soléir ar shuíomh idirlín, ba chóir do chustaiméirí glacadh leis go bhféadfadh CBL agus Dleacht Chustam a bheith fós le híoc nuair a thagann na hearraí isteach go hÉirinn."

D'aibhsigh sí gur bhain sé seo le ceannacháin bheaga ar líne freisin:

"Gearrtar CBL iompórtála ar gach earra a thagann isteach go hÉirinn ó lasmuigh den AE, is cuma cé chomh beag is atá an ceannachán. Mar shampla, má cheannaíonn tú maisiú Nollag ar líne ar €15 ó thír neamh-AE, agus má tá an postas €3.50, beidh CBL ag 23% curtha le costas an mhéid iomlán, rud a d'fhágfadh go mbeadh €4.26 CBL le híoc sula ndéanfaí seachadadh."

"Má sháraíonn praghas ceannaigh na n-earraí amháin €150, d'fhéadfadh Dleacht Chustam agus CBL araon a bheith i gceist. Mar shampla, má cheannaigh tú péire bróga reatha ón RA, ar chostas €250, ag glacadh le muirir lasta de €12, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort €84.86 breise a íoc i ndleacht chustam agus CBL."

Thug Maureen Dalton, Uasal, foláireamh freisin maidir le hearraí góchumtha agus calaoisí ar líne:

"Leanann na Coimisinéirí Ioncaim orthu ag obair go dlúth le sealbhóirí cearta chun tomhaltóirí agus gnóthaí dlisteanacha a chosaint ó dhíol earraí góchumtha. Má bhíonn amhras ann go sáraíonn earraí cearta maoine intleachtúla, coinneoidh na Coimisinéirí Ionaim siar iad agus déanfar seiceáil leis an sealbhóir cirt. Ba chóir do thomhaltóirí a bheith ar an eolas go mbíonn táirgí góchumtha ar chaighdeán íseal go minic agus, i gcásanna áirithe, contúirteach."

"Moltar don phobal freisin a bheith airdeallach ar chalaoisí ar líne agus díoltóirí calaoiseacha, go háirithe i rith tréimhsí siopadóireachta ardéilimh. Bí cinnte i gcónaí go bhfuil tú ag ceannach ó fhoinse iontaofa agus bí cúramach faoi phraghsanna a bhfuil cuma rómhaith orthu."

Mar fhocal scoir do na siopadóirí ar líne, dúirt Maureen Dalton, Uasal:

"Ní bhíonn aon fhoirmiúlachtaí custaim i gceist nuair a dhéantar siopadóireacht ar líne ó Éirinn no ó thíortha eile san AE. Mar sin féin, má tá tú ag ceannach lasmuigh den AE, bí ar an eolas go mb'fhéidir nach n-áirítear cáin ná dleacht sa phraghas íseal, agus d'fhéadfadh táillí riaracháin breise ó oibritheoirí poist a bheith i gceist freisin. Glac cúpla nóiméad chun an costas iomlán a sheiceáil sula gcuireann tú an ceannach i gcrích ar mhaithe le díomá nó moill a sheachaint níos déanaí."

Féadtar tuilleadh eolais faoi cháin, dleacht agus rialacha iompórtála maidir le hearraí a cheannaítear ar líne le haghaidh úsáide pearsanta a fháil ag www.revenue.ie.

[Críoch 21/11/2025]