Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
Ar 09/12/2025, d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta na mainnitheoirí cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025. Foilsítear an liosta in Iris Oifigiúil, ina dhá chuid.
- Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag an gCúirt ina leith gur chóir pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha orthu ag an gCúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
- Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léiríonn an liosta seo méid socraíochta a d'fhan neamhíoctha ag deireadh na tréimhse 30 Meán Fómhair 2025. Tá suimeanna gan íoc faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.
Cuid 1: Cinntí Cúirte
Cinneadh Cúirte ar Phionós
Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil aon chomhaontú i leith pionóis, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán (nuair is mó ná €50,000 iomlán na cánach) agus nach bhfuil nochtadh cáilitheach déanta:
- Bhí 0 cásann i leith na tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meán Fómhair 2025, le pionóis €0 san iomlán.
Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag an gCúirt.
Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte, féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta
- Tá 39 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €70,247.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag cúirt.
Ina measc seo, áirítear:
- 5 chás a bhaineann le loiceadh tuairisceáin chánach a thíolacadh, inar loiceadh CBL a íoc
- Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €1,250.
- Gearradh ceithre phianbhreith. Astu sin, tá trí cinn acu curtha ar fionraí go hiomlán, lena n-áirítear téarmaí 240 uair an chloig seirbhíse pobail agus aisíocaíocht €700 in aghaidh na míosa leis na Coimisinéirí Ioncaim ar feadh trí bliana, agus cuireadh pianbhreith amháin ar fionraí go hiomlán.
- 14 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €30,500 ina leith. Gearradh dhá phianbhreith freisin lena n-áirítear:
- Pianbhreith amháin príosúnachta 4 mhí, curtha ar fionraí go hiomlán ar feadh 24 mhí.
- Pianbhreith amháin 100 uair an chloig seirbhíse pobail in ionad príosúnacht 5 mhí.
- 15 cás a bhain le coireanna máil i leith tobac a smuigleáil, díol mídhleathach tobac agus seilbh ar thobac nár gearradh cáin air lena dhíol. Gearradh fíneálacha cúirte arb ionann iad agus €34,500. Gearradh ceithre phianbhreith phríosúnachta freisin, lena n-áirítear:
- 3 mhí príosúnachta.
- 2 mhí príosúnachta, ar fionraí go hiomlán ar feadh 3 bliana.
- 2 phríosúnacht 1 mhí, an dá cheann ar fionraí go hiomlán ar feadh 2 bhliain.
- 4 chás inar loiceadh ceadúnas reatha deochanna meisciúla a shealbhú, ar gearradh fíneálacha Cúirte de €2,747.50 ina leith.
- 1 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, ar gearradh fíneáil chúirte €1,250 ina leith.
Cuid 2: Socraíochtaí
Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:
- Tá 30 cás á fhoilsiú inniu agus is é €10.5m iomlán an tsuim socraíochta sna cásanna seo.
- Bhí 5 chás níos lú ná €100,000.
- Bhí 20 cás idir €101,000 agus €500,000.
- Bhí 3 chás níos mó ná€501,000 ach nach mó ná €1,000,000.
- Bhí 2 chás a sháraigh €1,000,000
- Bhí 7 chás ann nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meán Fómhair 2025.
- Ba é€3,356,681 an tsuim neamhíoctha faoin 30 Meán Fómhair 2025. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí nár íocadh a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/aisghabháil (m.sh., i gcás leachtú cuideachta).
Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht
Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’Idirghabhálacha Comhlíontachta uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa tréimhse 3 mhí go dtí an 30 Meán Fómhair 2025, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 18,483 Idirghabháil Comhlíontachta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a raibh toradh €176,976,112 orthu.
Liosta na Mainnitheoirí Cánach
[Ends 09/12/2025]