Príomhthorthaí le haghaidh 2025 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Ar an 07/01/2026 d’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim réamhthorthaí le haghaidh 2025 ina n-airítear cáin agus dleacht bailithe, seirbhísí curtha ar fáil do chustaiméirí, rátaí comhlíontachta in am agus toradh ar réimse idirghabhálacha comhlíontachta agus forfheidhmithe. Agus é ag trácht ar na torthaí seo, dúirt An tUasal Niall Cody, Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim é seo a leanas:

"Bliain tháirgiúil agus thábhachtach a bhí in 2025 do na Coimisinéirí Ioncaim. Léirítear sna tuairisceáin Státchiste do 2025 fáltais de €106 billiún i gcánacha agus dleachtanna. Ina theannta sin, bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim breis agus €34 billiún thar ceann Ranna, Gníomhaireachtaí agus Bhallstáit AE eile.

D'fhan rátaí comhlíontachta tráthúla láidir in 2025, le rátaí comhlíontachta saorálaí de 99% do chásanna móra agus meánmhéide agus 92% i ngach cás eile Léiríonn sé seo an tiomantas leanúnach ag gnóthaí, daoine aonair agus cleachtóirí cánach a ndualgais a chomhlíonadh. Leanann na Coimisinéirí Ioncaim ag tacú le comhlíontacht shaorálach trí threoir shoiléir, faisnéis thráthúil, agus seirbhísí éifeachtacha."

Ag tacú le comhlíontacht shaorálach

Bhí seirbhísí digiteacha na gCoimisinéirí Ioncaim fós ar an bpríomhbhealach trína raibh daoine aonair agus gnóthaí ag plé leis an gcóras cánach, rud a chuir ar chumas cáiníocóirí a gcuid cúrsaí cánach a bhainistiú go sábháilte agus go héifeachtúil. I rith na bliana, phróiseáil seirbhísí digiteacha na gCoimisinéirí Ioncaim 87 milliún idirbhearta, rud a chabhraigh lena chinntiú go ndearnadh tíolacadh cáiníocóirí a láimhseáil go pras agus go cruinn.

Sheol na Coimisinéirí Ioncaim feachtas athluachála na Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ) 2025, ag tacú le húinéirí maoine cónaithe a n-oibleagáidí tíolactha don tréimhse 2026 go 2030 a chomhlíonadh. Ag trácht ar an bhfeachtas, dúirt an Coimisinéir Maura Kiely:

"Tá freagra láidir ann go dtí seo. Meabhraítear d'úinéirí maoine go gceanglaítear orthu banda luachála a maoine a chinneadh don bhliain 2026, a dtuairisceán CMÁ a chur isteach, agus íocaíocht a shocrú. Tá íocaíochtaí a dhéantar ina n-iomláine le cárta creidmheasa nó dochair nó le hairgead tirim dlite faoin 9 Eanáir, agus tá an rogha acu an tÚdarú Bliantúil Dochair a roghnú a bhaileofar ar an 20 Márta."

Tháinig an Cháin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC) a bhaineann le talamh seirbhísithe agus inseirbhísithe criosaithe le haghaidh úsáid chónaithe i bhfeidhm in 2025. Tá léarscáileanna á bhfoilsiú anois ag na hÚdaráis Áitiúla maidir le tréimhse tíolactha 2026.

Oibríonn na Coimisinéirí Ioncaim in éineacht le cáiníocóirí comhlíontacha a bhfuil deacrachtaí sealadacha acu, a leanann ar aghaidh ag cur tuairisceáin isteach, a théann i dteagmháil luath, agus a aontaíonn Socraíochtaí Tráthíocaíochtaí (PPAnna), chun comhlíontacht a choinneáil. I gcás nach gcomhlíonann cáiníocóirí a n-oibleagáidí, úsáidtear uirlisí bainistíochta fiachais go hiomchuí chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontacht, rud a chabhraíonn le rátaí comhlíontachta foriomlána láidre lena n-áirithítear cothrom na Féinne do gach cáiníocóir.

Thacaigh an cur chuige seo freisin le rátaí láidre comhlíontachta i measc cáiníocóirí a aisíocann fiachas stórásaithe COVID-19 trí PPA, le 95% de na 12,700 socrú á n-urramú, agus íocaíochtaí míosúla ar an meán €23 milliún. 

Aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontacht

Lean cur chuige na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le neamhchomhlíontacht in 2025 ar aghaidh de bheith bunaithe ar Chód Cleachtais d'Idirghabhálacha Comhlíontachta na gCoimisinéirí Ioncaim, ag cur freagairt chéimnithe agus chomhréireach i bhfeidhm bunaithe ar iompar agus riosca cáiníocóirí. Le linn 2025, chuireamar níos mó ná 291,600 idirghabháchtal iniúchóireachta agus comhlíonta i gcrích, rud a d'fhág €734 milliún, rinneamar 189 cás seachanta cánach a shocrú, a d'fhág €41.7 milliún, agus fuair muid 204 ciontú coiriúil as imghabháil agus cionta imghabhála cánach. D'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim 113 socrú freisin i Liosta na Mainnitheoirí Cánach.

Tar éis bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí in 'Na Coimisinéirí Ioncaim v Karshan (Lár na Tíre) Teo t/a Domino's Pizza', thug na Coimisinéirí Ioncaim deis d'fhostóirí mí-aicmiú bona-fide fostaithe do 2024 agus 2025 a rialú gan pionós ná ús. Foilsíodh treoir mhionsonraithe chun cabhrú le fostóirí nochtadh cruinn a dhéanamh. Is é an 30 Eanáir 2026 an spriocdháta chun leas a bhaint as an deis nochtadh.

Le linn 2025, neartaigh na Coimisinéirí Ioncaim a rialuithe ar tháirgí tobac trí bhearta a thabhairt isteach maidir le gluaiseacht tobac ar ar íocadh dleacht ó Bhallstáit eile an AE. Soláthraíonn na bearta seo, a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2025, níos mó soiléireachta agus cinnteachta maidir le faoisimh dleachta máil le haghaidh úsáide pearsanta. Tá sé seo mar chuid de straitéis níos leithne na gCoimisinéirí Ioncaim chun dul i ngleic le trádáil neamhdhleathach tobac, ioncam an Státchiste a chosaint agus tacú le cuspóirí sláinte poiblí an Rialtais.

Chomh maith le tobac agus drugaí, dhírigh na Coimisinéirí Ioncaim freisin ar choinsíneachtaí ocsaíd nítriúil atá beartaithe le mí-úsáid, ag urghabháil táirgí ar luach measta €1.3 milliún le linn 2025. Dúirt Ard-Stiúrthóir Custam, an Coimisinéir Ruth Kennedy:

"Leanann foirne forfheidhmithe na gCoimisinéirí Ioncaim, i gcomhar le comhpháirtithe forfheidhmithe dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta, ag díriú ar agus ag cur isteach ar sholáthar neamhdhleathach tobac agus drugaí. In 2025, ghabh foirne os cionn 46.9 milliún toitín agus 39,100 cileagram drugaí, ar luach measta €191.1 milliún. Taifeadadh in 2025 an dara líon is airde urghabhálacha cóicín le deich mbliana anuas, agus níor sáraíodh é ach in 2023 nuair a gabhadh €157 milliún de chócaon ar bord an MV Matthew. Tá na gníomhaíochtaí seo lárnach i gcónaí chun sláine theorainneacha na hÉireann a chosaint, tacú le trádáil dhlisteanach agus an Státchiste a chosaint."

Le linn 2025, neartaigh na Coimisinéirí Ioncaim a gcumas forfheidhmithe muirí tuilleadh le tabhairt isteach RCC Cosaint, ag cur le cumas an Stáit gníomhaíocht smuigleála ar muir a bhrath agus cur isteach uirthi.

An téiceachóras cánach agus Custam a neartú

In 2025, sheol na Coimisinéirí Ioncaim, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Airgeadais, comhairliúchán poiblí maidir le nuachóiriú cánacha iarchoimeádta, lena n-áirítear Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla, Cáin Chonarthaí Iomchuí, agus leathnú ar gheilleagar an ardáin. Lorgaíonn an comhairliúchán ionchur ó ghnóthaí, ó oibrithe agus ó pháirtithe leasmhara agus an tréimhse chomhairliúcháin ag críochnú an 30 Eanáir 2026.

Le linn 2025, leag na Coimisinéirí Ioncaim amach pleananna mionsonraithe chun ceanglais CBL sa Ré Dhigiteach (ViDA) an AE a chur chun feidhme, lena dtabharfar isteach ríomhshonrasc éigeantach agus tuairisciú digiteach fíor-ama d'idirbhearta trasteorann AE ó 2028 ar aghaidh. Cuirfidh cur i bhfeidhm céimnithe ar chumas gnóthaí na hÉireann a gcórais a chur in oiriúint de réir a chéile, agus leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar aghaidh ag cur treoir agus tacaíocht ar fáil le linn an aistrithe.

Ag féachaint chun cinn

"De réir mar a ullmhaíonn Éire le hUachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ghlacadh, tacóidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an Roinn Airgeadais ina cuid oibre ar leibhéal an AE, maidir le cúrsaí cánach agus custaim, agus leanfaidh siad ar aghaidh ag soláthar riaracháin éifeachtach do ghnóthtaí agus do cháiníocóirí sa bhaile," a dúirt an tUasal Cody.

Léiríonn ár bhfeidhmíocht in 2025 díograis, gairmiúlacht agus saineolas fhoireann na gCoimisinéirí Ioncaim ar fud na heagraíochta, agus gabhaimid buíochas leo as a dtiomantas leanúnach chun freastal ar an Stát."