Ghabh na Coimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach os cionn €174,400 in oibríochtaí éagsúla
Le linn na seachtaine dar tús 12/01/2026, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim contrabhanna ar luach measta os cionn €174,400 in oibríochtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath, i Lár na Tíre agus i Europort Ros Láir.
Is mar thoradh ar phróifíliú riosca agus oibríochtaí bunaithe ar fhaisnéis a aimsíodh an méid seo a leanas:
- 6.4 kg de channabas luibhe, ar luach measta de €128,575.
- 2, 536 de tháibléid éagsúla, ar luach measta os cionn €4,990.
- Drugaí aindleathacha éagsúla eile, ar luach measta os cionn €1,600.
- Táirgí tobac ar luach measta de bheagnach €2,580, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil de bheagnach €1,910 don Státchiste.
- Os cionn 653 lítear alcóil ar luach measta os cionn €8,190, arb ionann é agus caillteanas poitéinsil os cionn €4,510 don státchiste.
- 70 earra góchumtha ar luach measta os cionn €28,460.
Rinneadh an urghabhálacha cannabais luibhe agus drugaí aindleathacha mar thoradh ar phróifíliú riosca agus le cabhair ó mhadraí bolaíochta Sam & Ciara. Bhí na beartáin beartaithe le haghaidh seoltaí éagsúla ar fud na tíre.
Urghabhadh na hearraí góchumtha toisc gur dheimhnigh Sealbhóir na gCeart gur sháraigh siad Cearta Maoine Intleachtúla. Urghabhadh deich n-arm freisin.
Tá imscrúduithe ar siúl maidir le gach urghabháil.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim atá dírithe ar smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí, nó ag baill den phobal, maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún trí ghlaoch a chur ar 1800 295 295.
[Críoch 19/01/2026]