Cannabas luibhe ar luach €150,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chuid de chomhoibríocht

Ar 26/01/2026, mar chuid d'oibríocht bunaithe ar fhaisnéis lena raibh Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (BNGSDCE) agus Aonad Drugaí Dhún Dealgan páirteach, gabhadh 7.5 kg de channabas luibhe amhrasta, ar luach measta de €150,000, i gCo. Lú.

Ghabh An Garda Síochána fear sna 30idí atá anois faoi choimeád faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 i Stáisiún Gardaí i gCo. Lú.

Tá imscrúduithe ar siúl.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnach na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtáil drugaí neamhdhleathacha. Má tá aon eolas ag gnóthaí, nó ag baill den phobal, maidir le smuigleáil, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún trí ghlaoch a chur ar 1800 295 295.

[CRÍOCH 26/01/2026]